Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2023 – Uno v an Coimisiún
(Cás T-514/20) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Státchabhair – Seirbhís poist – Cúiteamh as an tseirbhís poist uilechoitinne – Comhlachas gairmiúil – Easpa tionchair aonair – Easpa tionchair shubstaintigh ar sheasamh iomaíoch – Do-ghlacthacht)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Uno Organización Empresarial de Logística y Transporte (Coslada, an Spáinn) (ionadaí: J. Piqueras Ruiz, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus D. Recchia, Gníomhairí)
Idiragraithe, chun tacú leis an gcosantóir: Sociedad Estatal Correos y Telégrafos SA (ionadaithe: D. Sarmiento Ramírez Escudero agus A. Pérez Hernández, Dlíodóirí), Ríocht na Spáinne (ionadaí: L. Aguilera Ruiz, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an Cinneadh C(2020) 3108 final ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2020 maidir le státchabhair SA.50872 (2020/NN ) – an Spáinn – Cúiteamh do Correos faoin oibleagáid seirbhíse uilíche, 2011-2020 ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean mar do-ghlactha.
Ordaítear do Uno Organización Empresarial de Logística y Transporte a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus Sociedad Estatal Correos y Telegrafos, SA a íoc.
Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 339, 12.10.2020.