Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sozialgericht Detmold (an Ghearmáin) a taisceadh an 29 Meitheamh 2023 – FL v Jobcenter Arbeitplus Bielefeld

(Cás C-397/23, Jobcenter Arbeitplus Bielefeld)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Sozialgericht Detmold

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FL

Cosantóir: Jobcenter Arbeitplus Bielefeld

Idiragraí: Stadt Bielefeld

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear dlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta nach féidir cead cónaithe chun críche cúraim agus coimeád a dheonú do thuismitheoir eachtrach le leanbh neamhphósta atá ina chónaí i gcríoch náisiúnta ach amháin má tá gnáthchónaí ar an tuismitheoir sa chríoch náisiúnta, rud a chiallaíonn nach bhfuil saoránaigh den Aontais de chuid Ballstáit i dteideal cead cónaithe chun críche cúraim agus coimeád shaoránach den Aontas ar mionaoiseach é agus ar náisiúnach Ballstáit é nach é an tír óstach?

____________