Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 29 Meitheamh 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne PT

(Cás C-398/23, PT II)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Cosantóir

PT

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena sonraítear nach mór do chomhchosantóirí agus dá gcomhairleoirí toiliú a thabhairt ionas go ndéanfar comhaontú lena scortar d’imeachtaí coiriúla i gcoinne cosantóra a fhormheas nuair atá na himeachtaí sin ag an gcéim trialach, ach nach n-éilíonn toiliú den sórt sin nuair atá na himeachtaí sin ag an gcéim réamhthrialach, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus Airteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757 1 agus Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841 2 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 20 den Chairt?

An bhfuil dlí náisiúnta lena gcuirtear teorainn ar an bhféidearthacht do chosantóir go scrúdóidh cúirt substaint comhaontaithe a rinne sé (faoina bhfuil sé le pionós níos éadroime a fháil) – arb é atá sa teorainn sin ceanglas go bhfaighfear toiliú na gcomhchosantóirí – i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Chinneadh Réime 2004/757, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 48(2) agus 52(1) den Chairt?

An bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear don teorainn sin mar iarmhairt freisin ar fhaisnéis mhionsonraithe ar chur ar fáil don chosantóir faoin gcúiseamh sin i gcomhréir le hAirteagal 6(3), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1) de Threoir 2012/13 1 , agus i gcomhar le hAirteagail 47(1) agus 52(1) den Chairt?

____________

1 Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála neamhdhleathaí ar dhrugaí (IO 2004 L 335, lch. 8)

1 Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir le coireacht eagraithe a chomhrac (IO 2008 L 300, lch. 42).

1 Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO 2012 L 142, lch. 1).