Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale di Bologna (an Iodáil) a taisceadh an 21 Iúil 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne OB

(Cás C-460/23, Kinshasa 1 )

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Bologna

Páirtí sna príomhimeachtaí

OB

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le Cairt um Chearta Bunúsacha, agus go háirithe prionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 52(1) d, arna léamh i gcomhar leis an gceart chun saoirse agus an ceart chun maoine dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 17 di agus na cearta chun beatha agus sláine choirp dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 di, an ceart chun tearmainn dá dtagraítear Airteagal 18 di agus meas ar shaol an teaghlaigh dá dtagraítear Airteagal 7 di, ar fhorálacha Threoir 2002/90/CE 1 agus Chinneadh Réime 2002/946/CGB 2 (arna cur chun feidhme i ndlí na hIodáile leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 12 de Fhoraithne Reachtach Uimh. 286 3 ), a mhéid a fhorchuirtear ar na Ballstáit pionóis coiriúil a fhoráil maidir le haon duine a éascaíonn d’aon ghnó gníomhartha, nó a ghlacann páirt iontu d’aon ghnó, atá beartaithe chun iontráil neamhúdaraithe náisiúnach eachtrach ar chríoch an Aontais a éascú, fiú i gcás ina ndéantar an t-iompar ar bhonn neamhbhrabúis, gan foráil a dhéanamh, ag an am céanna, d’oibleagáid ar Bhallstáit iompar lena n-éascaítear iontráil neamhúdaraithe atá dírithe ar chúnamh daonnúil a sholáthar don náisiúnach eachtrach a eisiamh ó choiriúlú?

An gcuirtear cosc le Cairt um Chearta Bunúsacha, agus go háirithe prionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 52(1) di, arna léamh i gcomhar leis an gceart chun saoirse agus an ceart chun maoine dá dtagraítear in Airteagal 6 agus Airteagal 17 di agus na cearta chun beatha agus sláine choirp dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 di, an ceart chun tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 18 di agus meas ar shaol an teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 7 di, ar na forálacha maidir le cion coiriúil a leagtar síos in Airteagal 12 de Fhoraithne Reachtach Uimh. 286, a mhéid a ghearrtar pionós ar iompar duine a dhéanann gníomhartha atá beartaithe chun iontráil neamhúdaraithe náisiúnach eachtrach ar chríoch an Aontais a éascú, fiú i gcás ina ndéantar an t-iompar ar bhonn neamhbhrabúis, gan foráil a dhéanamh, ag an am céanna, maidir le hiompar lena n-éascaítear iontráil neamhúdaraithe atá dírithe ar chúnamh daonnúil a sholáthar do náisiúnach eachtrach a eisiamh ó choiriúlú?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     Treoir ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainítear éascú teacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 17). 

1     Cinneadh Réime ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO 2002 L 328, lch. 1).

1     Foraithne Reachtach Uimh. 286 an 25 Iúil 1998 (Acht comhdhlúite Forálacha lena rialaítear inimirce agus stádas náisiúnaigh tríú tír).