Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Márta 2024 – Laboratories Ern v EUIPO – Cannabinoids Spain (Sanoid)

(Cás T-206/23) 1

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Sanoid – Focalmharc náisiúnta níos luaithe SANODIN – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Laboratorios Ern, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: T. González Martínez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Cannabinoids Spain SLU (Córdoba, an Spáinn)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Feabhra 2023 (Cásanna Uamtha R 1024/2022-5 agus R 1036/2022-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.    Díbhtear an chaingean.

2.    Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 235, 3.7.2023.