Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) a taisceadh an 22 Lúnasa 2023 – ÖBB-Infrastruktur AG agus WESTbahn Management GmbH

(Cás C-538/23, ÖBB-Infrastruktur agus WESTBahn Management)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí: ÖBB-Infrastruktur AG, WESTbahn Management GmbH

Freagróir: Schienen-Control Kommission

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear dlí an Aontais, agus Airteagal 32 de Threoir 2012/34/AE 1 go sonrach, a léiriú sa chaoi go bhfuil formheas ón mBallstát le tabhairt ex ante, roimh thús (nó roimh dhul in éag ar a laghad) thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre, dár iarradh na méaduithe margaidh? Nó an féidir leis an mBallstát méaduithe margaidh a fhormheas ex post freisin tar éis dhul in éag thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre (a d’fhéadfadh a bheith blianta níos déanaí)? An gcaithfear formheas ar mhéaduithe margaidh arna thabhairt ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2012/34/AE a thuiscint sa chaoi gur formheas ceangailteach ó thaobh an dlí de atá ann?

An gcaithfear dlí an Aontais, agus Airteagal 32(1) agus (6) de Threoir 2012/34/AE go sonrach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 27(4) di, a léiriú sa chaoi go gcaithfear – in ord croineolaíoch – na méaduithe margaidh (má athraítear na buntréithe) a fhoilsiú sa ráiteas gréasáin ar dtús (faoi réir údarú, más iomchuí) agus go bhfuil siad le húdarú ag an mBallstát i ndiadh a bhfoilsithe? An ndéantar athrú ar na buntréithe, de réir Airteagal 32(6) de Threoir 2012/34/AE, i gcás nach n-athraítear “ach” leibhéal na méaduithe margaidh i dtaca le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre ón mbliain roimhe sin?

(Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2): an gcaithfear dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 32(1) agus (6) de Threoir 2012/34/AE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 27(2) agus (4) di agus i gcomhar le hIarscríbhinn II, pointe 2 de Threoir 2012/34/AE – arna léamh i bhfianaise an riachtanais trédhearcachta agus slándála pleanála a leagtar amach in aithris 34 de Threoir 2012/34/AE – a léiriú sa chaoi nach féidir leis an mBallstát méaduithe margaidh a fhormheas, i gcás nár foilsíodh leibhéil na méaduithe féin sa ráiteas gréasáin do thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre lena mbaineann (dár iarradh formheas ar na méaduithe margaidh), ach seachas sin, nár foilsíodh sa ráiteas gréasáin, ach táille iomlán in aghaidh an chiliméadair iarnróid (mar shuim na dtáillí le haghaidh costais arna dtabhú go díreach mar thoradh ar an tseirbhís traenach a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Threoir 2012/34/AE agus na méaduithe margaidh i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2012/34/AE) le haghaidh gach deighleoige margaidh? Dá bhrí sin, ní fhéadfadh gnóthais iarnróid na táillí le haghaidh “costais dhíreacha” (de réir bhrí Airteagal 31(3) de Threoir 2012/34/AE, arna léamh i gcomhair le pointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909) 1 ná na méaduithe margaidh i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2012/34/AE in aghaidh na deighleoige margaidh, a fhíorú.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2, an gcaithfear dlí an Aontais, agus Airteagal 32(1) agus (6) de Threoir 2012/34/AE go sonrach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 27(4) de Threoir 2012/34/AE – a léiriú sa chaoi go bhfuil éifeacht cheangailteach ag na méaduithe margaidh arna bhfoilsiú sa ráiteas gréasáin do thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre ábhartha ar fhormheas arna thabhairt ag an mBallstát? An leanann sé ón éifeacht cheangailteach nach bhféadfaidh an Ballstát méaduithe margaidh in aghaidh na deighleoige margaidh atá níos airde ná iad siúd a fhoilsítear sa ráiteas gréasáin lena mbaineann? Nó an amhlaidh nach bhfuil éifeacht cheangailteach ann ach a mhéid nach bhféadfaidh na táillí iomlána arna bhformheas (dá réir sin, táillí le haghaidh “costais dhíreacha” i gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Threoir 2012/34/AE i gcomhar le pointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909 agus méaduithe margaidh i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2012/34/AE) a bheith níos airde ná iad siúd a fhoilsítear sa ráiteas gréasáin, ach gur féidir na méaduithe margaidh féin a fhormheas ar leibhéal atá níos airde ná an leibhéal a fhoilsítear sa ráiteas gréasáin? An bhfuil éifeacht cheangailteach i gceist freisin i dtaca le leibhéal an iarratais ar fhormheas a cuireadh isteach chuig an mBallstát i dtaca leis na méaduithe margaidh? Más amhlaidh, cén treo atá i gceist (ní cheadaítear méadú, ní cheadaítear tuilleadh laghdaithe)? An bhfuil aon chineál eile d’éifeacht cheangailteach ann?

An gcaithfear dlí an Aontais, agus Airteagal 32(1) de Threoir 2012/34/AE go sonrach, a léiriú sa chaoi, chun críocha a chinneadh an bhfuil méaduithe margaidh incheadaithe i bprionsabal (seachas inmharthanacht margaidh atá le deimhniú) – dá réir sin, chun críocha aisghabháil iomlán chostais bhainisteoir an bhonneagair – nach gá a ghlacadh mar bhunús an t-ioncam iomlán a chaithfidh an Ballstát a fháil ón mbainisteoir bonneagair iarnróid (“an sprioc-ioncaim”), arb é suim na dtáillí le haghaidh na gcostas arna dtabhú go díreach mar thoradh ar an tseirbhís traenach a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 31(3) de Threoir 2012/34/AE agus na méaduithe margaidh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Threoir 2012/34/AE? Seachas sin, an gcaithfear na costais, chun aisghabháil iomlán a fháil, a chinneadh agus a bhunú sa chaoi gur féidir a chinneadh ar an mbonn sin cé acu an féidir aon mhéadú margaidh a fhormheas, agus a mhéid is féidir sin? Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil méadú margaigh incheadaithe i bprionsabal (seachas inmharthanacht margaidh atá le deimhniú) an gcaithfear fóirdheontais Stáit ón mBallstát don ghnóthas bonneagair iarnróid a chur san áireamh freisin? Más gá, conas ba chóir é sin a dhéanamh? An gcaithfear na fóirdheontais Stáit, más iomchuí, a dhealú ó na costais riachtanacha d’aisghabháil iomlán (de bhreis ar na táillí le haghaidh costais arna dtabhú go díreach mar gheall ar an tseirbhís traenach a oibriú)? Sa chomhthéacs sin, an gcaithfear dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 32(1) de Threoir 2012/34/AE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(4) di, a léiriú sa chaoi, i dteannta na dtáillí le haghaidh costais arna dtabhú go díreach mar thoradh ar an tseirbhís traenach a oibriú agus aon fhóirdheontais Stáit atá le cur san áireamh, go gcaithfidh an Ballstát gach brabús eile den ghnóthas bonneagair iarnróid in earnálacha eile den gheilleagar agus an t-ioncam neamh-inaisíoctha go léir a fuair an gnóthas sin ó fhoinsí príobháideacha a chinneadh – agus a áireamh sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil méaduithe margaidh incheadaithe? Más amhlaidh, ar chóir iad a dhealú freisin ó na costais riachtanacha le haghaidh aisghabháil iomlán? An gcaithfear táillí eile arna ngearradh ag an ngnóthas bonneagair iarnróid – amhail táillí le haghaidh ardáin paisinéara a úsáid (“táillí stáisiúin”) agus táillí as úsáid trealaimh soláthair leictreachais le haghaidh sruth tarraingthe – chomh maith le ítimí eile buiséid an ghnóthais bonneagair iarnróid a áireamh sa mheasúnú sin?

____________

1 Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO 2012 L 343, lch. 32).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2015 maidir leis na módúlachtaí chun costas a ríomh a tabhaíodh go díreach de thoradh an tseirbhís traenach a oibriú (IO 2015 L 148, lch. 17).