Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 23 Lúnasa 2023 ag Ríocht na Spáinne i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 14 Meitheamh 2023 i gCás T-376/21, Instituto Cervantes v an Coimisiún

(Cás C-539/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: I. Herranz Elizalde, Gníomhaire)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Instituto Cervantes, An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann Ríocht na Spáinne ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas an 14 Meitheamh 2023, Insitituto Cervantes v an Coimisiún (T-376/21, EU:T:2023:331) a chur ar neamhní agus rialú a dhéanamh ar shubstaint an cháis trí thacaíocht a thabhairt don chaingean le haghaidh neamhniú arna tabhairt i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid;

mar mhalairt air sin, i gcás ina measann an Chúirt, agus í ag seasamh leis na hargóintí a bhaineann le diúltú neamhdhleathach na fianaise a tairgeadh, go bhfuil riaradh an fhianaise sin riachtanach chun rialú a dhéanamh ar an dara foras achomhairc, is é an tátal a bhaineann Ríocht na Spáinne leis, go ndéanfar, i gcomhréir le hAirteagal 170 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, tar éis an breithiúnas faoi achomharc a neamhniú, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta dul ar aghaidh chuig riaradh na fianaise a diúltaíodh go míchuí agus rialú a thabhairt ar shubstaint an cháis.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn Ríocht na Spáinne ceithre shaincheist chun tacú lena hachomharc.

An céad saincheist lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid mheasúnaithe nuair nár cuireadh Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha i bhfeidhm i gceart agus gur theip uirthi an mhainneachtain cúiseanna a lua sa ghníomh atá faoi chonspóid a thabhairt faoi deara.

De réir Ríocht na Spáinne, bhí an breithiúnas faoi achomharc mícheart diúltú don shaincheist lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a lua ar dhá chúis: (i) gan a chur san áireamh go bhfuil roghnú na tairisceana bunaithe ar an gcóimheas cáilíochta/praghais agus, sa chás seo, go mbeadh sé riachtanach cúiseanna a chur ar fáil a bheadh ​​in ann údar a thabhairt don fhíric go bhfuil tairiscint an ghrúpa CLL-interlingua (‘CLL’) 1.49 pointe níos airde, rud nach féidir a dhéanamh mura n-áirítear sna cúiseanna sin an luach a thugtar do na heilimintí a ndéantar meastóireacht orthu i ngach fochritéar; agus ii) á mheas go bhféadfadh foirmiú nach bhfuil chomh mionsonraithe ar na critéir dhámhachtana srian a chur ar mhéid na hoibleagáide cúiseanna a lua le gníomhartha an Choimisiúin a cheanglaítear le cásdlí na Cúirte Ginearálta.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid mheasúnaithe trí mhainneachtain a thabhairt dá haire an sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa mhéid nár thug sí an fhéidearthacht don Instituto Cervantes a chruthú nár athraíodh na doiciméid a bhfuil rochtain orthu trí hipearnaisc.

De réir Ríocht na Spáinne, tá an breithiúnas faoi achomharc mícheart rialú a dhéanamh ar shoiléireacht an chreata dlí is infheidhme (na sonraíochtaí a d’fhormheas an Coimisiún), gan iompar an Choimisiúin roimhe sin agus iompar reatha an Choimisiúin a chur san áireamh agus an clásal céanna á chur i bhfeidhm, agus gan an earráid chéanna a rinne tairgeoirí eile a chur san áireamh.

Fós de réir Ríocht na Spáinne, tá an breithiúnas faoi achomharc curtha ó bhail mar gheall ar earráid sa mhéid nár chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh, ag féachaint don easpa soiléireachta sa chreat dlí is infheidhme, gurbh é an Coimisiún féin ba chúis leis fiú, nach bhféadfadh an Coimisiún ach pionóis a ghearradh go simplí i leith na hearráide arna déanamh ag an Instituto Cervantes trí na doiciméid a tíolacadh a eisiamh, ach ba cheart go mbeadh bearta dearfacha déanta acu chun an earráid a ba chúis leis féin a leigheas, mar shampla, trí chead a thabhairt don Instituto Cervantes agus do thairgeoirí eile lena mbaineann chun an earráid a rinneadh a cheartú trína chruthú nár athraíodh na doiciméid a bhfuil rochtain orthu trí hipearnaisc.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt earráid mheasúnaithe agus í ag diúltú don tsaincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne agus toirmeasc ar threallacht le linn measúnú a dhéanamh ar thairiscintí chomh maith le sárú ar Airteagal 145(c) de na Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, de bharr gur eisiadh beart fiosrúcháin go neamhdhleathach.

De réir Ríocht na Spáinne, tá an breithiúnas faoi achomharc curtha ó bhail mar gheall ar earráid sa mhéid nach ndearna an Chúirt Ghinearálta ach measúnú ar nádúr dearfach nó diúltach na dtuairimí agus nach ndearna sí measúnú ar na cásanna ar a bhfuil na páirtithe ag brath lena dtugtar le fios gur chuir an Coimisiún modheolaíocht éagsúil i bhfeidhm i measúnú na dtairiscintí ó Instituto Cervantes agus CLL.

Ina theannta sin, sáraítear leis an mbreithiúnas faoi achomharc Airteagal 145(2)(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta sa mhéid is gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don bheart fiosrúcháin a mhol Ríocht na Spáinne.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid mheasúnaithe agus í ag diúltú don tsaincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin de bharr mainneachtain prionsabail na neamhchlaontachta agus na trédhearcachta oibiachtúla a chomhlíonadh.

De réir Ríocht na Spáinne, tá an breithiúnas faoi achomharc curtha ó bhail ag earráid sa mhéid is gur chuir an Chúirt Ghinearálta as an áireamh an fhéidearthacht go ndéanfaí sárú ar phrionsabal na neamhchlaontachta oibiachtúla i nós imeachta tairisceana, amhail an ceann atá i gceist san am i láthair, cás nach bhfuil aon ráthaíocht go mbeidh deighilt leordhóthanach idir meastóireacht bunaithe ar bhreithiúnais luacha agus ceann eile atá bunaithe ar fhoirmlí matamaitice.

____________