Achomharc arna thabhairt an 6 Nollaig 2023 ag St. Jude Medical Coordination Center (SJM Coordination Center) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCás T-420/16 SJM Coordination Center v an Coimisiún
(Cás C-754/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: St. Jude Medical Coordination Center (SJM Coordination Center) (ionadaithe: F. Louis agus É. Bruc, avocats)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh, bhreithniú a dhéanamh ar na tuillteanais agus Cinneadh (AE) 2016/1699 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2016 maidir leis an scéim Státchabhrach um dhíolúine ó iarmhéid an bhrabúis SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg1 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní; nó
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh, agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a d’ordaigh sé an cabhair líomhnaithe ó SJM Coordination Center a aisghabháil;
nó de rogha eile air sin, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo agus na himeachtaí ós comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir aon saincheist déag dlí :
An chéad saincheist: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trí neamhaird a dhéanamh nach bhféidir leis an gcéad líne réasúnaíochta den chinneadh atá faoi chonspóid seasamh ar a bhoinn féin.
An dara saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus/nó gur shaobhadh sí Airteagal 185(2)(b) de Chód Cánach Ioncaim na Beilge (‘CIR’) go follasach agus bhreithniú á dhéanamh ar an gcéad líne réasúnaíochta den chinneadh atá faoi chonspóid. De rogha air sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta an caighdeán ‘mífheidhmiú follasach’ a chur i bhfeidhm agus bhreithniú á dhéanamh ar chur i bhfeidhm contra legem líomhnaithe Airteagal 185(2)(b) CIR.
An tríú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trí ghlacadh le córas tagartha atá mícheart, cineálach agus róleathan, nach léiríonn an córas tagartha ceart atá i gceist.
An ceathrú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta dlí cánach de chuid na Beilge a chur i bhfeidhm go mícheart agus chruthaigh sí eisceacht shaorga i gcoinne coigeartuithe aontaobhacha laistigh den chóras tagartha, ag tabhairt neamhaird go gceadaítear go hiomlán le coigeartuithe cánach aontaobhacha.
An cúigiú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trí líomhaintí mícheart de chuid an chinnidh atá faoi chonspóid maidir le maoluithe ar an gcóras tagartha a dhearbhú.
An séú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí maidir le riosca a bhaineann le cánachas dúbailte a sheachaint mar réasúnú le haghaidh na coigeartuithe cánach.
An seachtú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí maidir le coincheap bhuntáiste cánach.
An t-ochtú saincheist dlí: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trí coincheap an ghnóthais a chur i bhfeidhm go mícheart agus tairbhí Státchabhrach líomhnaithe á cinneadh aici.
An naoú saincheist dlí: níor thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh ar na hargóintí lárnach dlíthiúil agus fíorasach de chuid SJM Coordination Center, agus trí sin a dhéanamh, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a dualgas cúiseanna a lua, agus gur theip uirthi breithniú a dhéanamh ar díospóid a cuireadh chuici.
An deichiú saincheist dlí: sháraigh an Chúirt Ghinearálta ceart SJM Coordination Center chun dea-riaracháin trí (i) a dhearbhú go mícheart gur chomhlíon an Coimisiún Eorpach a dhualgas cúiseanna a lua agus scrúdú dícheallach neamhchlaonta a dhéanamh agus (ii) neamhaird a thabhairt gur sháraigh an Coimisiún Eorpach ceart éisteachta SJM Coordination Center.
An t-aonú saincheist dlí dhéag: rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí trí a dhiúltiú do cheart an tairbhí chun aisghabháil a chonspóid agus theip uirthi a aithint go mbeadh aisghabháil ina chúis le cánachas dúbailte iarbhír.
____________
1 IO 2016 L 260, lch. 61.