Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2024 – Net Technologies Finland Oy v an Coimisiún

(Cás T-319/23) 1

(Clásal eadrána – Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) – Cinneadh infhorghníomhaithe – Cúlghairm an chinnidh atá faoi chonspóid – Caingean in éagmais aon chuspóra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Net Technologies Finland Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaithe: S. Pappas agus A. Pappas, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Garello, M. Ilkova agus R. Onozó, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2023) 2282 final ón gCoimisiún an 27 Márta 2023, ar ordú forfheidhmiúcháin é chun suim EUR 188 477.27 móide ús a ghnóthú, ar neamhní

An chuid oibríochtúil

1)    Ní gá breithiúnas a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

2)    Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Net Technologies Finland Oy, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha, a íoc.

____________

1 IO C 286, 14.8.2023.