Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Warszawy - Śródmieścia w Warszawie - an Pholainn) – E.K., S.K. v D.B.P. (C‑80/21), agus B.S., W.S. v M. (C‑81/21), et B.S., Ł.S. v M. (C‑82/21),
(Cásanna uamtha C-80/21 go dtí C-82/21)1
(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) – Comhaontuithe creidmheasa morgáiste – Na héifeachtaí atá ag cinneadh go bhfuil téarma éagórach – Tréimhse teorann – Prionsabal na héifeachtachta)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla Warszawy - Śródmieścia w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: E.K., S.K. (C-80/21), B.S., W.S. (C-81/21), B.S., Ł.S. (C-82/21)
Cosantóirí: D.B.P. (C-80/21), M. (C‑81/21), M. (C‑82/21)
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra
a léiriú mar seo a leanas:
cuirtear cosc leo ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh an breitheamh náisiúnta a chinneadh nach éagórach téarma iomlán conartha arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir, ach na heilimintí den téarma lena gcruthaítear an éagóir, rud a fhágann go bhfanfaidh an téarma i bhfeidhm go páirteach, tar éis na heilimintí sin a scriosadh, i gcás inarb ionann scriosadh den sórt sin agus ábhar an téarma sin a leasú trína shubstaint a athrú, atá le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur.
Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13
A léiriú mar seo a leanas:
cuirtear cosc leo ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh an breitheamh náisiúnta, tar éis dó a chinneadh go bhfuil téarma éagórach neamhbhailí, téarma atá i gconradh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir, nach bhfuil gá le neamhniú an chonartha ina iomláine mar thoradh air, féadfaidh an breitheamh náisiúnta foráil fhorlíontach den dlí náisiúnta a chur in ionad an téarma sin.
Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13
a léiriú mar seo a leanas:
cuirtear cosc leo ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh an breitheamh náisiúnta, tar éis dó a chinneadh go bhfuil téarma éagórach neamhbhailí, téarma atá i gconradh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir a bhfuil gá le cur ó bhail an chonartha ina iomláine mar thoradh air, léiriú ar thoil na bpáirtithe, nó foráil fhorlíontach den dlí náisiúnta, a chur in ionad an téarma neamhbhailí chun cealú an chonartha sin a sheachaint cé gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas faoi iarmhairtí chur ó bhail an chonartha sin agus gur ghlac sé leo.
Ní mór Treoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta,
a léiriú mar seo a leanas:
cuirtear cosc leis ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a thosaíonn an tréimhse teorann deich mbliana le haghaidh chaingean an tomhaltóra lena n-iarrtar aisíocaíocht suimeanna a íocadh go míchuí le díoltóir nó soláthróir i bhforghníomhú téarma éagórach atá i gconradh creidmheasa ar an dáta de gach gníomhaíocht a dhéanann an tomhaltóir, fiú mura raibh an tomhaltóir in ann, ar an dáta sin, cineál éagórach an téarma chonarthaigh a thuiscint nó mura raibh eolas aige ar nádúr éagórach an téarma chonarthaigh sin, agus gan a chur san áireamh go raibh tréimhse aisíocaíochta ag an gconradh sin, sa chás seo tríocha bliain, a bhí i bhfad níos faide ná an tréimhse teorann dlíthiúil deich mbliana.
____________
1 IO C 242, 21.06.2021