Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 4 Aibreán 2023 ag NS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 25 Eanáir 2023 i gCás T-805/21, NS v an Pharlaimint

(Cás C-218/23 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: NS (ionadaí: L. Levi, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Eanáir 2023 i gCás T-805/21 a chur ar neamhní;

dá réir sin, an faoiseamh á lorg ag an gcéad chéim a dheonú don achomharcóir agus, dá bhrí sin:

cinneadh an 21 Eanáir 2021 lena ndearnadh an t-achomharcóir a athshannadh chuig post mar Chomhairleoir do Ard-Stiúrthóireacht na hUachtaránachta agus, a oiread agus is gá, cinneadh an 8 Márta 2021 an íocaíocht mhíchuí a ghnóthú, a chur ar neamhní;

de réir mar is gá, cinneadh an 16 Meán Fómhair 2021 lenar diúltaíodh d’éileamh an achomharcóra an 7 Aibreán, a chur ar neamhní;

cúiteamh i leith an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a bhain don achomharcóir;

a ordú don chosantóir costais iomlána an dá imeacht a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, maíonn an t-achomharcóir na saincheisteanna dlí a leanas:

Déanann an breithiúnas atá faoi achomharc neamhaird ar choincheap an chirt chun éisteacht a fháil, déanann sé sainithe dlíthiúla míchearta agus déanann sé an comhad a shaobhadh. Rinne an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar a oibleagáid cúiseanna a lua.

Déanann an breithiúnas atá faoi achomharc neamhaird ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

Déanann an breithiúnas atá faoi achomharc neamhaird ar an dualgas cúraim i leith oifigigh.

____________