Achomharc arna thabhairt an 11 Feabhra 2022 ag HC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 1 Nollaig 2021 i gCás T-804/19, HC v an Coimisiún
(Cás C-102/22 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: HC (ionadaithe: D. Rovetta, V. Villante, avvocati)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Nollaig 2021 i gCás T-804/19, HC v an Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2021:849, ar tugadh fógra do HC maidir leis an 1 Nollaig 2021 a chur ar neamhní;
a dhearbhú go bhfuil an pléadáil neamhdhleathachta de bhun Airteagal 277 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an bhFógra faoi Chomórtas lena mbaineann maidir lena rialacha i dtaobh teangacha inghlactha agus go bhfuil údar leis;
an ‘dara cinneadh atá faoi chonspóid’ ag an gcéadchéim eadhon litir/cinneadh an 21 Márta 2019 inar dhiúltaigh EPSO don iarratas ar athbhreithniú, lenar cuireadh in iúl don achomharcóir go raibh an bord roghnúcháin tar éis a chinneadh gan cuireadh chuig an lárionad measúnaithe a thabhairt dó a dheimhniú, a chur ar neamhní;
EUR 50.000 a bhronnadh ar an achomharcóir mar chúiteamh ar an damáiste a fulaingíodh.
Mar fho-iarratais ar an méid thuas, iarrtar ar an gCúirt breithiúnas na Cúirte Ginearálta atá faoi achomharc a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais go dtí an Chúirt Ghinearálta;
a ordú don Choimisiún Eorpach costais an iarratasóra i dtaobh an cháis céadchéime agus na h-imeachta achomhairc reatha a íoc araon.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
San achomharc seo, maíonn an t-achomharcóir dhá fhoras achomhairc:
An chéad fhoras achomhairc: Cáiliú earráideach fíorais agus saobhadh fianaise ag an gCúirt Ghinearálta maidir lena measúnú agus lena breithiúnas maidir leis an dara cuid den chéad phléadáil dlí a luaigh an t-achomharcóir ag an gcéadchéim – Sárú ar an bhfógra faoi chomórtas. Faigheann an t-Achomharcóir locht ar an gCúirt Ghinearálta as na fíorais a cháiliú go mícheart, as fianaise a shaobhadh agus as sárú a dhéanamh ar an bhFógra faoi Chomórtas a bhain leis maidir leis an meastóireacht ar thaithí phroifisiúnta agus cáilíochtaí acadúla an achomharcóra.
An dara foras achomhairc: Sárú agus léiriú mícheart ar Airteagal 277 de CFAE. Sárú ar Airteagail 1 go 4 de Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 19581 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa leagan atá i bhfeidhm faoi láthair. Sárú ar Airteagal 1d agus Airteagal 28 de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 1(1)(f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis. Faigheann an t-Achomharcóir locht ar an gCúirt Ghinearálta as léiriú ró-dhocht a dhéanamh ar an gceangal maidir le ‘dlúthnasc’ idir an Fógra faoi Chomórtas lena mbaineann agus an cinneadh atá faoi agóid os comhair na Cúirte Ginearálta chun críche pléadáil neamhdhleathachta a agairt faoi Airteagal 277 CFAE i gcoinne Fógra faoi Chomórtas dá leithéid. Tá an t-Achomharcóir den tuairim gurb ann do ‘dhlúthnasc’ dá leithéid agus dá bhrí sin go bhfuil a phléadáil neamhdhleathachta i gcoinne an tsriain d’úsáid na Fraincise agus an Bhéarla mar dhara teanga chun críche an chomórtais lena mbaineann inghlactha agus go bhfuil údar maith léi.
____________
1 IO 1958, 17, p. 385