Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Bealtaine 2024 – Skechers USA v EUIPO (HANDS FREE FIT)

(Cás T-254/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Skechers USA, Inc. II (Manhattan Beach, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: J. Bogatz, Y. Stone agus J. Feigl, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh HANDS FREE FIT – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 834 742

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Márta 2024 i gCás R 2417/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabal an chomhionannais mar a leagtar síos in Airteagal 20 i gcomhar le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

Sárú ar an gceart chun dea-riaracháin mar a leagtar síos in Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

____________