Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – an Pharlaimint v Union technique du bâtiment agus Argest
(Cás T-749/22) 1
(Clásal eadrána – Conradh oibreacha chun Maison Jean Monnet a chaomhnú agus a dhaingniú – Creatchonradh seirbhíse maidir le comhairle ailtireachta, theicniúil agus airgeadais – Damáiste a dhéantar don díon – Éileamh ar chúiteamh – Ráthaíocht deich mbliana – Cur i bhfeidhm dhlí na Fraince agus Lucsamburg – Ús mainneachtana)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Kazek agus K. Wójcik, Gníomhairí, le cúnamh ó T. Gaspar, Dlíodóir)
Cosantóirí: Union Technique du Bâtiment SA (Romainville, an Fhrainc) (ionadaí: V. Chamard Sablier, Dlíodóir), Argest SA (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaí: C. Sportes, Dlíodóir)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 272 CFAE, iarrann Parlaimint na hEorpa go n-ordófaí do l’Union technique du bâtiment SA agus do Argest SA cúiteamh a thabhairt di, ar bhonn an ráthaíocht deich mbliana, de bharr an damáiste a rinneadh do dhíon Maison Jean Monnet, lonnaithe in Bazoches-sur-Guyonne (an Fhrainc), a nochtar i ndiadh na hoibre chun an suíomh a chaomhnú agus a dhaingniú.
An chuid oibríochtúil
Tá Union technique du bâtiment SA agus Argest SA faoi dhliteanas deich mbliana maidir leis an damáiste a rinneadh do dhíon Maison Jean Monnet, lonnaithe in Bazoches-sur-Guyonne (an Fhrainc).
Ordaítear do Union technique du bâtiment agus do Argest íocaíocht chnapshuime EUR 115,000 a íoc do Pharlaimint na hEorpa i gcomhpháirt agus go leithleach, le hús ag an ráta is infheidhme sa Fhrainc agus i Lucsamburg ó 29 Samhain 2022. Caipitleofar an t-ús atá le híoc ag deireadh gach dáta aibíochta bhliantúil ón dáta sin chun ús a dhéanamh iad féin.
Díbhtear an chuid eile don chaingean.
Ordaítear do Union technique du bâtiment agus do Argest na costais a íoc.
____________
1 IO C 24, 23.1.2023.