Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Aibreán 2024 – Heraeus Electronics v EUIPO – Welco (WELCO)

(Cás T-513/23) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh WELCO – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh WELCO – Easpa iontrála maidir le hathrú ar dhílseánacht an trádmhairc atá faoi chonspóid sa chlár de thrádmharcanna an Aontais Eorpaigh – Easpa locus standi – Do-ghlacthacht)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Heraeus Electronics GmbH & Co. KG (Hanau, an Ghearmáin) (ionadaithe : A. Ebert-Weidenfeller agus H. Förster, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus A. Söder, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Welco spol. s r. o. (Uherský Brod, Poblacht na Seice) (ionadaithe : J. Bühling agus D. Graetsch, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Meitheamh 2023 (Cás R 2409/2022-2) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Déantar an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha.

Ordaítear do Heraeus Electronics GmbH & Co. KG, chomh maith lena costais féin os comhair na Cúirte Ginearálta, na costais arna dtabhú ag Welco spol. s r. o. a íoc

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.

____________

1     IO C, C/2023/37, an  9.10.2023.