Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 15 Meán Fómhair 2023 ag Anna Nardi i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 25 Iúil 2023 i gCás T-131/23 Anna Nardi v an Banc Ceannais Eorpach (BCE)

(Cás C-574/23 P)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Achomharcóir: Anna Nardi (ionadaí: M. De Siena, avvocato)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Banc Ceannais Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann t-achomharcóir go ndéanfaí an t-ordú a thug an Chúirt Ghinearálta an 25 Iúil 2023 lena ndiúltaítear don chaingean i gCás T 131/23 arna thabhairt ag Anna Nardi i gcoinne an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chur ar neamhní agus, dá réir sin, seasamh leis an t-ordú atá á lorg san iarratas ag an gcéad chéim agus, dá réir sin, iarrann sí ar an gCúirt:

I. nach mór dliteanas neamhchonarthach an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a ndéanann an tUachtarán Christine Lagarde ionadaíocht thar a cheann, a fháil amach agus a dhearbhú:

I. a) trí laghdú luacha a chur ar na hurrúis atá faoi úinéireacht Anna Nardi ar a dtugtar SI FTSE.COPERP, luaite, tuairiscithe agus curtha ar fáil mar iarscríbhinn leis an iarratas ag an gcéad chéim, le caillteanas ar luach EUR 626 134,89 nó 81.54% de luach iomlán an chaipitil infheistithe, arb ionann é agus EUR 767 856,16, ós rud é, gur thárla tar éis an 12.03.20, leis an frása cáiliúil a úsáid Christine Lagarde, ina cáil mar Uachtarán BCE, “Nílimid anseo chun na raonta difríochta a laghdú, ní feidhm BCE é seo", gur tháinig titim shuntasach ar luach na n-urrús ar gach stocmhalartán ar fud an domhain agus laghdú 16.92 % ar Stocmhalartán Milano, arna chainníochtú mar chéatadán nár tharla riamh i stair na hInstitiúide sin, agus i malartuithe domhanda eile, trí chumarsáid a dhéanamh ag preasagallamh, ar fud an domhain, nach dtacódh BCE a thuilleadh le luach na n-urrús arna n-eisiúint ag tíortha a bhí i gcruachás agus, dá bhrí sin, tríd an athrú iomlán ar an seasamh beartais airgeadaíochta a ghlac BCE faoi uachtaránacht an Uachtaráin roimhe sin, a chuir deireadh lena shainordú i mí na Samhna 2019;

I.b) mar gheall ar an iompar sin, agus mar gheall ar an titim ghéar thuasluaite ar innéacs Stocmhargadh Milano, a bhí mar chúis leis an laghdú ar luach sócmhainní an achomharcóra;

I.c) mar gheall go raibh sé ina chúis le caillteanais airgeadais de bharr caillteanas brabúis EUR 906 223,85;

I.d) mar gheall go raibh sé, dá thoradh sin, ina chúis le caillteanais airgeadais EUR 1 532 358,14 san iomlán;

I.e) mar gheall go raibh sé ina chúis le damáiste neamhábhartha ar fhulaingt shíceolaíoch é féin agus a theaghlaigh, damáiste neamhairgid de bharr díobháil d’onóir, do chlú, d’fhéiniúlacht phearsanta agus ghairmiúil, arna chainníochtú ag EUR 500 000 00;

Dá bhrí sin:

II) a ordú don Bhanc Ceannais Eorpach, ag gníomhú dó trína Uachtarán, pro tempore, cúiteamh a íoc as an damáiste ábhartha, arb é atá ann an damáiste atá ag teacht chun cinn agus caillteanas brabúis, an damáiste neamhábhartha agus an damáiste as deis a chailleadh i bhfabhar Anna Nardi, arna meas de réir na gcritéar atá sonraithe sna caibidlí agus sna míreanna ábhartha den chaingean seo, trí na suimeanna seo a leanas a íoc:

II.1. EUR 1 532 358,14, a íoc leis an achomharcóir trí bhíthin damáiste airgeadais,

II.2. EUR 500 000,00, mar dhamáiste neamhábhartha;

II.3. agus, dá bhrí sin, ar shuim iomlán de EUR 2 032 358,14 a íoc;

II.4. cibé suim a mheasann an Chúirt a bheith bronnta, i gcomhréir lena measúnú cóir féin, maidir le cailliúint deiseanna;

II.5 íocaíocht an úis mhainneachtana le ríomh ón 12.03.2020, dáta an teagmhais dhíobhálaigh, go dtí cúiteamh éifeachtach;

III) mar mhalairt air sin, trí cibé suimeanna éagsúla a chinnfear i gcúrsa na n-imeachtaí a íoc, a mhéid a mheastar a bheith cóir;

IV) a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena hachomharc, maíonn an t-achomharcóir, ar an gcéad dul síos, nach rialaíonn an Chúirt Ghinearálta, leis an dearbhú an 12.03.2020 gur sáraigh Uachtaránacht BCE na rialacha dá dtagraítear san iarratas,  ní cinntear ach nach bhfuil sé beartaithe leis na rialacha sin cearta a thabhairt do dhaoine aonair, agus dá bhrí sin go bhfuil a réasúnaíocht neamhleor agus neamhiomlán.

Ar an dara dul síos, cuireann an t-achomharcóir i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta i míreanna 15 go 28 den ordú atá faoi achomharc nár thabhaigh BCE dliteanas neamhchonarthach toisc, sa chás seo, nach ndearna BCE sárú ar riail dlí a bhí ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair. Áitíonn an t-achomharcóir gur rialacha institiúideacha iad na forálacha a luann sí lena leagtar síos cumhachtaí chomhlachtaí aonair BCE agus lena dtugtar cumhachtaí sonracha dóibh. Tugtar leo cearta do dhaoine aonair agus go sonrach an ceart atá ag daoine aonair go ngníomhóidh na comhlachtaí éagsúla i gcomhréir leis na cumhachtaí institiúideacha a thugtar dóibh le dlí, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint.

Ar an tríú dul síos, mar mhalairt air sin, maíonn an t-achomharcóir, i gcás nach raibh sé i gceist leis na rialacha a sháraigh Uachtarán BCE cearta a thabhairt do dhaoine aonair mar a luaigh an Chúirt Ghinearálta, nach féidir glacadh le réasúnú na Cúirte Ginearálta mar thoradh ar léiriú sriantach ar Airteagal 340 CFAE. Ní dhéantar aon idirdhealú san fhoráil sin, amhail Airteagal 2043 de Chód Sibhialta na hIodáile, idir na rialacha atá beartaithe chun cearta a thabhairt do dhaoine aonair thar na rialacha eile, as a n-eascraíonn go heisiach sárú ar na rialacha a bhaineann leis an gcéad chatagóir go bhfuil ceart chun cúitimh ag an bpáirtí díobhálaithe. Thairis sin, tá an réasúnaíocht contrártha do na prionsabail atá leagtha amach sa bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-868/16, inar cinneadh gur léir gurb ann do dhliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh i gcás aon iompair neamhdhleathaigh as a n-eascraíonn damáiste a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dliteanas den sórt sin.

Ar an gceathrú dul síos, cuireann an t-achomharcóir i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta i mír 32 den ordú nach ndearna an t-achomharcóir, trína éileamh go ndearna Uachtarán BCE mí-úsáid cumhachta, an argóint sin a fhorbairt go sonrach san iarratas agus nár chuir sí an argóint sin i láthair ach amháin mar thoradh ar sháruithe ar na forálacha dá dtagraítear san iarratas nach raibh sé i gceist leo cearta a thabhairt do dhaoine aonair. Cuireann an t-achomharcóir i gcoinne gurb ionann mí-úsáid cumhachta agus “úsáid cumhachta ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an ndualgas reachtúil” agus gurb ann di i gcás ina n-imíonn institiúid de chuid an Aontais ó phrionsabail ghinearálta, amhail cothroime, meon macánta agus dícheall; ní raibh aon amhras ann, leis an ráiteas atá i gceist, gur sháraigh Uachtarán BCE prionsabal na cothroime agus na dícheallachta.

Ar an gcúigiú dul síos, cuireann an t-achomharcóir i gcoinne dhearbhú na Cúirte Ginearálta nach raibh aon fhianaise ann go raibh nasc cúisíoch idir ráitis Uachtarán BCE atá i gceist agus an titim san innéacs stocmhalartáin. Maíonn sí go raibh fianaise soiléir ón iarratas agus óna iarscríbhinní. Cuireann sí in iúl gur léirigh an t-athbhreithniú preasa a rinne Uachtarán BCE ar an bpreasagallamh an 12.03.2020, barúlacha nuachtán Iodálach agus idirnáisiúnta agus ráitis Uachtarán Phoblacht na hIodáile go raibh sé cinnte go ginearálta gurbh é an ráiteas ó Uachtarán BCE, agus é sin amháin, ba chúis leis an meath ar stocmhalartáin. Thairis sin, le tionscnamh Uachtarán BCE leithscéal a ghabháil leis an ráiteas a rinneadh agus é a cheartú, léiríodh a aitheantas féin go raibh iarmhairtí thar a bheith díobhálach ar na margaí mar thoradh air. Cuireadh an fhianaise sin ar fáil freisin leis an ábhar, na conclúidí agus na hiarscríbhinní a ghabhann le tuarascáil faoi mhionn an tsainchomhairleoir arna cheapadh ag an achomharcóir.

Ar an séú dul síos, cuireann an t-achomharcóir i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta i mír 33 den ordú atá faoi achomhairc go raibh luach fianaiseach na tuarascála teicniúla faoi mhionn an-teoranta toisc gurbh é an sainchomhairleoir a cheap an t-achomharcóir a dhréachtaigh é. Áitíonn an t-achomharcóir nár chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh gur tugadh comhairle faoi mhionn os comhair an chomhlachta bhreithiúnaigh inniúil a ghlac mionn an tsainchomhairleoir, a rinne an fhoirmle seo a leanas: “Geallaim na hidirbhearta a cuirfear de chúram orm a chur i gcrích i gceart agus go dílis ar mhaithe leis an gcúirt a chur ar an eolas faoin bhfírinne agus chun na críche sin amháin”.

.

____________