Achomharc arna thabhairt an 3 Iúil 2023 ag Arkadiusz Kaminski i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Triú Dlísheomra) a tugadh an 26 Aibreán 2023 i gCás T-35/22, Kaminski v EUIPO – Polfarmex (SYRENA)
(Cás C-406/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Arkadiusz Kaminski (ionadaithe: W. Trybowski, M. Mazurek agus E. Pijewska, radcowie prawni)
Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Le hordú an 17 Deireadh Fómhair 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur chóir do Arkadiusz Kaminski a chostais féin a íoc.
____________