Language of document :

Caingean arna tabhairt an 16 Samhain 2023 — Apple v an Coimisiún

(Cás T-1079/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Apple Inc. (Cupertino, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: D. Beard, S. Love, J. Bourke, Abhcóidí, W. Knibbeler agus T. van Helfteren, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 5 Meán Fómhair 2023, ar tugadh fógra faoi do Apple an 6 Meán Fómhair 2023, tagairt DMA.100022, chun imscrúdú margaidh a oscailt i ndáil le iMessage de bhun Airteagail 16 agus 17(3) de Rialachán (AE) 2022/1925 1 a mhéid atá sé bunaithe go mícheart ar chinneadh gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir í iMessage de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/1925 agus Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach 2 a chur ar neamhní; agus

ordú a thabhairt don Choimisiún Eorpach costais an iarratasóra a íoc de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon pháirtithe idirghabhálacha.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin lena n-éilítear míthuiscint agus cur i bhfeidhm mícheart Rialachán (AE) 2022/1925 agus Threoir (AE) 2018/1972, agus earráidí fíorasacha ábhartha, agus cinneadh á dhéanamh gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir í iMessage.

____________

1 Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO 2022 L 265, lch. 1).

1 Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO 2018 L 321, lch .36).