Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2013 – SkinIdent v EUIPO – Beiersdorf

(NIVEA SKIN-IDENTICAL Q10

(Cás T-665/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh NIVEA SKIN-IDENTICAL Q10 – Trádmharc náisiúnta agus clárú idirnáisiúnta ar fhocalmharc roimhe seo SKINIDENT – Ainm cuideachta Skinident roimhe seo – Forais choibhneasta le diúltú – Easpa dóchúlachta mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Úsáid chomhartha nach bhfuil a raon feidhme ann i gcúrsa gnó áitiúil amháin – Airteagal 8(4) de Rialachán 2017/1001 – Gaireacht earnála – Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta ag EUIPO – An ceart chun éisteacht a fháil – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: SkinIdent AG (Freienbach, an Eilvéis) (ionadaí: U. Hildebrandt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova-Valchanova agus E. Markakis, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Beiersdorf AG (Hambourg, an Ghearmáin) (ionadaithe: V. von Bomhard, J. Fuhrmann agus A. Malkmes, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Lúnasa 2022 (cás R 1499/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do SkinIdent AG a chostais féin a íoc chomh maith leo siúd a thabhaíonn Beiersdorf AG.

Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.

____________

1     IO C 472, 12.12.2022.