Ordú na Cúirte Ginearálta an 10 Samhain 2023 – Chart v EUIPO (ABSOLUTEFLOW)
(Cás T-21/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ABSOLUTEFLOW – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa saincháilíochta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001 – Caingean ar léir nach bhfuil aon bhunús dlí léi)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Chart Inc. (Ball Ground, Georgia, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: R. Dróżdż agus J. Wachinger, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova Valchanova agus T. Klee, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 31 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 1583/2022-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Chart Inc agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 83, 6.3.2023.