Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2023 – Papier Mettler v EUIPO (Cruth mála)
(Cás T-114/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc thríthoisigh de chuid an Aontais Eorpaigh – Cruth mála – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Papier-Mettler KG (Morbach, an Ghearmáin) (ionadaithe: D. Graetsch agus M. Bergermann, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Nollaig 2022 (Cás R 765/2022-2).
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 127, 11.4.2023.