Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2023 – Pollen + Grace v EUIPO – Grace Foods (POLLEN + GRACE)
(Cás T-41/23)1
(Trádmharc de chuid Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “POLLEN + GRACE” – Marc fíortha de chuid Aontais Eorpaigh níos luaithe “Grace” – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001])
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Pollen + Grace Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: P. Johnson, Abhcóide, agus L. Buckley, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: K. Zajfert, M. Eberl agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc an EUIPO: Grace Foods Ltd (Castries, Sainte-Lucie)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Nollaig 2022 (Cás R 1815/2021-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Pollen + Grace Ltd na costais a íoc.
____________
1 IO C 112, 27.3.2023.