Language of document :

Caingean arna tabhairt an 31 Deireadh Fómhair 2023 — UH v an Coimisiún

(Cás T-1052/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: UH (ionadaí: A. Van der Hauwaert, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 1 Meán Fómhair 2023 [Uimh. thag. Ares2023)5982056], a cuireadh in iúl don iarratasóir an 4 Meán Fómhair 2023, a chur ar neamhní;

de rogha air sin, de bhun Airteagal 261 CFAE agus Airteagal 143(9) de Rialachán Airgeadais 2018, 1 an pionós foilsithe agus clárúcháin arna fhorchur leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; agus

i gcás ar bith, ordú a thabhairt don Choimisiún Eorpach costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh mainneachtain an Oifigigh Údarúcháin pléadálacha an iarratasóra os comhair Chúirt Achomhairc na Bruiséile a chur san áireamh ceart an iarratasóra chun cosaint chuí agus iomlán a fháil.

Áitítear gur dhiúltaigh an tOifigeach Údarúcháin ceart an iarratasóra cosaint chuí agus iomlán a fháil nuair a dhiúltaigh sé aighneachtaí achomhairc an iarratasóra a cuireadh isteach sna himeachtaí os comhair Chúirt Achomhairc na Bruiséile a chur san áireamh.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fíorais maidir leis an mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a líomhnaítear.

Dearbhaíonn an t-iarratasóir go ndearna an tOifigeach Údarúcháin earráid fíorais nuair a chinn sé (i) nach raibh aon chuibhreannas ann agus (ii) gur iarr an t-iarratasóir ar chomhaltaí eile an chuibhreannais comhaontú cuibhreannais siardhátaithe a shíniú.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí maidir leis an mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a líomhnaítear.

Déantar an argóint anseo gur mhainnigh an tOifigeach Údarúcháin a léiriú go gcáilítear na fíorais a líomhnaítear mar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndeachaigh an tréimhse chun an t-iarratasóir a eisiamh as an mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a líomhnaítear as feidhm (tréimhse theorann).

Áitítear go ndearna an tOifigeach Údarúcháin earráid dlí nuair a chinn sé an t-iarratasóir a eisiamh ar bhonn gníomhartha a líomhnaítear a tharla fada go leor ó shin ar chaoi go mbeadh urchosc ama ar smachtbhannaí a fhorchur i leith na ngníomhartha sin.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fíorais agus sa dlí maidir leis an gcinneadh clárú.

Áitíonn an t-iarratasóir nach bhfuil aon bhunús fíorasach ná dlí ann chun pionós clárúcháin a fhorchur.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fíorais maidir leis an sárú ar phríomhoibleagáidí a líomhnaítear.

Maítear go ndearna an tOifigeach Údarúcháin earráid fíorais nuair a líomhnaíodh go mbeadh an t-iarratasóir tar éis sárú a dhéanamh ar a phríomhoibleagáidí.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear go ndeachaigh an tréimhse chun an t-iarratasóir a eisiamh as an sárú ar phríomhoibleagáidí a líomhnaítear as feidhm (tréimhse teorann).

Áitítear go ndearna an tOifigeach Údarúcháin earráid dlí nuair a chinn sé an t-iarratasóir a eisiamh ar bhonn gníomhartha a líomhnaítear a tharla fada go leor ó shin ar chaoi go mbeadh urchosc ama ar smachtbhannaí a fhorchur i leith na ngníomhartha sin.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear gur mainníodh prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm i ndáil leis an bhfoilsiú.

Áitítear gur mhainnigh an tOifigeach Údarúcháin prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm, dá bhforáiltear in Airteagal 109(3) de Rialachán 966/2012 1 agus in Airteagal 106(16) de Rialachán 966/2012 arna leasú, i ndáil leis an gcinneadh an t-eisiamh a fhoilsiú.

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain mír 2 d’Airteagal 106(16) de Rialachán 966/2012, arna leasú, a chur i bhfeidhm i dtaca leis an bhfoilsiú.

Mhainnigh an tOifigeach Údarúcháin Airteagal 106(16) de Rialachán 966/2012, arna leasú, a chur i bhfeidhm, toisc nár chuir sé ráiteas san fhoilseachán a bhí beartaithe lena dtabharfaí le fios nár tugadh aon bhreithiúnas críochnaitheach.

____________

1 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).

1 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO 2012 L 298, lch. 1).