Language of document :

Caingean arna tabhairt an 16 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóivéine

(Cás C-328/22)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: B. Rous Demiri, E. Sanfrutos Cano)

Cosantóir: Poblacht na Slóivéine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:

a dhearbhú, toisc nár deimhníodh tógáil líonraí séarachais cuí le haghaidh fuíolluisce uirbeach;

i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 91/271/CEE1 laistigh de cheirtleáin Kočevje, Trbovlje, Loka agus Liúibleána;

i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 91/271/CEE laistigh de cheirtleáin Kočevje, Trbovlje, Loka; agus;

i gcomhréir le hAirteagal 15 agus Iarscríbhinn I(B) agus (D) a ghabhann le Treoir 91/271/CEE laistigh de cheirtleáin Liúibleána agus Ptuj;

gur mhainnigh Poblacht na Slóivéine a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 4, 5 agus 15, chomh maith le hIarscríbhinn I(B) agus (D) a ghabhann le Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991, a bhaineann le cóireáil fuíolluisce uirbigh;

a ordú do Phoblacht na Slóivéine na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Baineann an cás seo le cur chun feidhme sa tSlóivéin Threoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh. Ar bhonn na díospóide seo tá nós imeachta fada agus casta atá dírithe ar mhainneachtain oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh a fhionnadh, a thosaigh in 2014 agus a bhfuil roinnt sáruithe aimsithe ag an gCoimisiún.

Is é ábhar an tsáraithe ná neamhchomhlíonadh fuíolluisce ó roinnt ceirtleán leis an Treoir agus faireachán neamhleor ar sceitheadh ó ionaid cóireála fuíolluisce uirbigh. Tháinig athrú ar líon na gceirtleán neamh-chomhlíonta le linn an nós imeachta de bharr gur réitíodh roinnt sáruithe le linn na tréimhse sin ach tá sárú á dhéanamh i gcónaí ar roinnt de na ceirtleáin agus is dá bharr sin gurb ann don chaingean seo.

____________

1 Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO 1991 L 135, lch. 40.