Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Márta 2024 – Bouwbenodigdheden Hoogeveen v EUIPO – Pürschel (BIENENBEISSER)

(Cás T-144/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Bouwbenodigdheden Hoogeveen BV (Hoogeveen, an Ísiltír) (ionadaithe: H. Roerdink, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Sören Pürschel (Frankfurt, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh BIENENBEISSER – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 8 714 834

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Eanáir 2024 i gCás R 793/2023-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i bpáirt, sa mhéid is gur cúlghaireadh an trádmharc atá faoi cheist i bpáirt do na hearraí in Aicme 19;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sarú ar Airteagal 58(l)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 33(7) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________