Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) an 25 Márta 2024 – Società Eredi Raimondo Bufarini Srl – Servizi Ambientali v Ministero dell’Interno, Ministero della Transizione Ecologica, Comitato tecnico regionale delle Marche, Coordinamento per l’uniforme applicazione sul territorio nazionale di cui all’art. 11 del D.Lgs. 105/2015

(Cás C-224/24, Società Eredi Raimondo Bufarini – II)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Società Eredi Raimondo Bufarini Srl – Servizi Ambientali

Cosantóirí: Ministero dell’Interno, Ministero della Transizione Ecologica, Comitato tecnico regionale delle Marche, Coordinamento per l’uniforme applicazione sul territorio nazionale di cui all’art. 11 del D.Lgs. 105/2015

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc leis an sainmhíniú ar ‘substaintí contúirteacha a bheith ann’ in Airteagal 3(12) de Threoir 2012/18/AE ar chleachtas trína gcuirtear cinneadh maidir leis na cainníochtaí substaintí contúirteacha atá i saoráid cóireála dramhaíola faoi réir nós imeachta oibríochtúil arna chur chun feidhme ag an oibreoir (agus, i gcás inarb iomchuí, arna thrasuí leis an gcead dá bhforáiltear in Airteagal 23 de Threoir 2008/98/CE nó in Airteagal 4 de Threoir 2010/75/AE ), lena bhforáiltear, trí dhramhaíl a aicmiú mar mheascáin de réir bhrí Airteagal 3(11) de Threoir 2012/18/AE, d’fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar chainníocht na substaintí contúirteacha atá sa tsuiteáil agus lena n-áirithítear nach sáraítear na híostairseacha agus na huastairseacha a leagtar síos faoi seach i gcolún 2 agus i gcolún 3 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2012/18/AE?1

An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 de Threoir 2012/18/AE, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar an oibreoir ‘fógra a chur faoi bhráid an údaráis inniúil’ ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin, arna léiriú i gcomhréir le prionsabail na hiomaíochta agus na saoirse bunaíochta, ar riail amhail Airteagal 13(1), (2) agus (5) de decreto legislativo n. 105/2015 (Foraithne Reachtach Uimh. 105/2015), lena bhforáiltear nach mór faisnéis a chur in iúl go heisiach trí ‘fhógra, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn 5’ (mír 1), ‘arna shíniú i bhfoirm féindeimhniúcháin i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm’ (mír 2), ‘arna tharchur ag an oibreoir chuig na faighteoirí dá dtagraítear i mír 1 i bhformáid leictreonach trí úsáid a bhaint as na seirbhísí agus as na modhanna leictreonacha a chuirtear ar fáil trí fhardal na mbunaíochtaí ar dócha go mbeidís ina gcúis le mórthionóisceanna dá dtagraítear in Airteagal 5(3)’ nó ‘go heisiach trí ríomhphost arna shíniú go digiteach’ (mír 5), gan an méid seo a leanas a áireamh, maidir le hábhair atá ábhartha don bhreithiúnas seo, modh cumarsáide a dhéantar trí bhíthin ‘nós imeachta oibríochtúil arna chur chun feidhme ag an oibreoir’ lena bhforáiltear d’fhaireachán leanúnach ar chainníocht na substaintí contúirteacha atá sa tsuiteáil; lena n-áirithítear nach sáraítear na híostairseacha agus na huastairseacha faoi seach a leagtar síos i gcolún 2 agus i gcolún 3 d’Iarscríbhinn 1a ghabhann le Treoir 2012/18/AE?

____________

1 Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO 2012 L 197, lch. 1).

1 Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO 2008 L 312, lch. 3).

1 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (athmhúnlú) (IO 2010 L 334, lch. 17).