Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) a taisceadh an 27 Feabhra 2023 - XXXX

(Cás C-116/23, Sozialministeriumservice)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXXX

Páirtí eile: Sozialministeriumservice

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An ionann liúntas saoire cúraim agus sochar breoiteachta de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 1 nó, murab ionann, an sochar eile é faoi Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 883/2004?

I gcás ina bpléitear leis mar shochar breoiteachta, an ionann an liúntas saoire cúraim agus sochar airgid thirim de réir bhrí Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 883/2004?

An bpléitear le liúntas saoire cúraim mar shochar do chúramóirí nó don té a bhfuil riachtanas cúraim aige?

Dá bhrí sin, an dtagann cás ina ndearna iarratasóir ar liúntas saoire cúraim, ar náisiúnach de chuid na hIodáile é, atá ina chónaí go buan i gcúige na hOstaire Uachtaraí, san Ostair, ón 28 Meitheamh 2013, agus atá ag obair leis an bhfostóir céanna sa chúige céanna san Ostair ón 1 Iúil 2013 ar aghaidh – gan aon fhianaise a bheith ann gur oibrí imeallchríche an t-iarratasóir – comhaontú lena fhostóir saoire cúraim a ghlacadh chun aire a thabhairt dá athair, ar saoránach Iodálach é a bhí ina chónaí go buan san Iodáil (Sassuolo) le linn na tréimhse ábhartha ón 1 Bealtaine 2022 go dtí an 13 Meitheamh 2022 agus a rinne iarratas leis an údarás is cosantóir ar liúntas saoire cúraim, faoi raon feidhme de Rialachán Uimh. 883/2004?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 de Rialachán Uimh. 883/2004 nó leis an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i bhforálacha éagsúla de dhlí an Aontais (mar shampla, Airteagal 18 CFAE, Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, etc.) ar fhoráil náisiúnta a chuireann deonú liúntas saoire cúraim faoin gcoinníoll go bhfuil an té a bhfuil riachtanas cúraim aige ag fáil liúntas cúraim Ostarach ar leibhéal 3 nó níos airde?

An gcuirtear cosc le prionsabal na héifeachtachta nó prionsabal an neamh-idirdhealaithe faoi dhlí an Aontais, a leagtar síos i bhforálacha éagsúla de dhlí an Aontais (mar shampla, Airteagal 18 CFAE, Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, etc.), in imthosca amhail iad siúd sa chás seo, ar reachtaíocht náisiúnta nó cásdlí bunaithe náisiúnta a chur i bhfeidhm nach bhfágann aon fhéidearthacht “iarratas ar liúntas saoire cúraim” a athaicmiú mar “iarratas ar shaoire teaghlaigh ospíse”, nuair is léir gur úsáideadh foirm um “iarratas ar liúntas saoire cúraim” seachas “iarratas ar shaoire teaghlaigh ospíse”, agus inar léir freisin go ndearnadh comhaontú leis an bhfostóir ina dtagraítear do “chúram do gharghaol” seachas do “chúram deiridh saoil”, cé go sásódh na fíorais lena mbaineann freisin, i bprionsabal – ós rud é go bhfuair an t-athair a raibh cúram ag teastáil uaidh bás ó shin – na ceanglais le haghaidh liúntas saoire cúraim faoi “shaoire teaghlaigh ospíse” dá mbeadh comhaontú difriúil déanta leis an bhfostóir agus iarratas difriúil curtha isteach leis an údarás?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 nó foráil eile de dhlí an Aontais (mar shampla, Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha) ar fhoráil náisiúnta (Mír 21c(1) den Bundespflegegeldgesetz (an Dlí feidearálach maidir le liúntas cúraim, “BPGG”)), a chuireann deonú liúntais saoire cúraim faoin gcoinníoll go bhfuil liúntas cúraim Ostarach ar leibhéal 3 nó níos airde ag an té a bhfuil riachtanas cúraim aige, ach i gcomhthéacs foráil náisiúnta eile (Mír 21c(3) de BPGG), nuair a chuirtear í i bhfeidhm sna fíorais chéanna, nach gcuirtear an deonú faoi choinníoll comhchosúil?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).