Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 11 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht - an Ostair) – XXXX

(Cás C-116/23, Sozialministeriumservice) 1

(Tarchur chun réamhrialú – Slándáil shóisialta – Oibrithe imirceacha – Sochar teaghlaigh – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Airteagal 3 – Sochar breoiteachta – Raon feidhme – Liúntas saoire cúramóra  – Saoránach Ballstáit a chónaíonn agus a oibríonn i mBallstát eile a thugann aire do gharghaol sa chéad Bhallstát – Coimhdeacht le liúntas cúraim – Airteagal 4 – Cóir chomhionann)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXXX

Tríú páirtí: Sozialministeriumservice

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tagann liúntas saoire cúramóra faoi ‘shochar breoiteacha’, de réir bhrí na forála sin, ar liúntas é a íoctar le saothraí pá a thugann cabhair nó aire do gharghaol ag a bhfuil liúntas cúraim á fháil i mBallstát eile agus a fhaigheann saoire gan pá chuige sin. Mar sin, tagann a leithéid de liúntas faoin gcoincheap ‘sochar airgid’ de réir bhrí an Rialacháin sin chomh maith.

Maidir le hAirteagal 45(2) CFAE, hAirteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht Ballstáit ar dá réir a bhfuil deonú liúntas saoire cúraim faoin gcoinníoll go bhfuil an té a bhfuil riachtanas cúraim aige ag fáil liúntas cúraim ar leibhéal áirithe de réir reachtaíocht an Bhallstáit sin, ach amháin i gcás ina dtugtar údar oibiachtúil leis an gcoinníoll sin trí chuspóir dlisteanach a bhaineann, go háirithe, le cothromaíocht airgeadais an chórais náisiúnta slándála sóisialta a chaomhnú agus inar modh comhréireach é chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Maidir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chásdlí náisiúnta, ar dtús, lena gcuirtear deonú liúntais saoire cúramóra agus deonú liúntais saoire teaghlaigh ospíse faoi réir a mhalairte de choinníollacha agus, anuas air sin, nach gceadaítear léi nó leis iarratas ar saoire cúramóra a athaicmiú mar iarratas ar shaoire teaghlaigh ospíse.

____________

1 IO C 223, 26.6.2023.