Caingean arna tabhairt an 26 Aibreán 2024 – Quality First v EUIPO (MORE Nutrition)
(Cás T-219/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Quality First GmbH (Elmshorn, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Schneider agus M. Kleinn, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh MORE Nutrition – Iarratas Uimh. 18 573 655
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Feabhra 2024 i gCás R 1909/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an Cinneadh atá faoi chonspóid agus cinneadh céadchéime EUIPO an 31 Lúnasa 2023 a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an dea-riaracháin.
____________