Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Bheilg) a taisceadh an 15 Meán Fómhair 2023 — FT, AL, ON v État belge
(Cás C-575/23, ONB agus páirtithe eile)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d’État (an Bheilg)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: FT, AL, AN
Cosantóir: Stát na Beilge
Idiragróir: Orchestre national de Belgique (ONB)
Na ceisteanna a tharchuirtear:
Ar cheart Airteagail 18 go 23 de Threoir (AE) 2019/790 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar aistriú, trí bhíthin gníomh rialála, ceart gaolmhara gníomhairí reachtúla i seirbhísí arna gcur ar fáil i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta?
Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1, ar cheart na coincheapa “gníomhartha a cuireadh i gcrích” agus “cearta a fuarthas” de réir bhrí Airteagal 26(2) de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE a léiriú mar choincheapa lena gcumhdaítear, go háirithe, aistriú ceart gaolmhar trí bhíthin gníomh rialála arna ghlacadh roimh an 7 Meitheamh 2021?
____________
1 Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO 2019 L 130, lch. 92).