Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, zittingsplaats ’s-Hertogenbosch (an Ísiltír) arna taisceadh an 22 Feabhra 2022 – X, Y, agus a seisear leanaí mionaoiseacha v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-125/22)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingspolaats ’s-Hertogenbosch

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: X, Y, agus a seisear leanaí mionaoiseacha

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 15 den Treoir um Cháiliú, 1 arna léamh i gcomhar le hAirteagail 2(g) agus 4 den Treoir sin agus Airteagail 4 agus 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú sa chaoi is, maidir leis an gceist an bhfuil gá le stádas cosanta coimhdí ag an iarratasóir, go gcaithfear na gnéithe ábhartha go léir a bhaineann le staid ar leith agus le himthosca pearsanta an iarratasóra agus staid ghinearálta na tíre tionscnaimh araon a scrúdú agus a mheas le chéile agus ina n-iomláine i gcónaí sula soiléireofar an díobháil thromchúiseach a raibh eagla ann roimhe a d’fhéadfaí a shuíomh leis na gnéithe sin?

Má thugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra diúltach ar an gcéad cheist, an bhfuil an measúnú ar staid ar leith agus imthosca pearsanta an iarratasóra i gcomhthéacs an mheasúnaithe faoi Airteagal 15(c) den Treoir um Cháiliú, nithe a bhfuil sé soiléirithe cheana ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith nach mór iad a chur san áireamh, níos cuimsithí ná an measúnú ar an gcoinníoll indibhidiúlaithe dá dtagraítear i mbreithiúnas na Cúirte Eorpaigh um Chearta an Duine in N.A. v. an Ríocht Aontaithe? 1 An bhféadfaí na gnéithe sin, san iarratas céanna ar chosaint choimhdeach, a chur san áireamh sa mheasúnú faoi Airteagal 15(b) agus (c) den Treoir um Cháiliú araon?

An gcaithfear Airteagal 15 den Treoir um Cháiliú a léirmhíniú sa chaoi is, agus an gá do chosaint choimhdeach á mheas, nach mór an scála aistritheach, mar a thugtar air, atá soiléirithe cheana ag an gCúirt Bhreithiúnais nach mór a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh ar líomhain maidir le heagla roimh dhíobháil thromchúiseach de réir bhrí Airteagal 15(c) den Treoir um Cháiliú, a chur i bhfeidhm agus líomhain maidir le heagla roimh dhíobháil thromchúiseach de réir bhrí Airteagal 15(b) den Treoir um Cháiliú á meas freisin?

An gcaithfear Airteagal 15 den Treoir um Cháiliú, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1, 4 agus 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú sa chaoi is go gcaithfear imthosca daonnúla, atá ina dtoradh díreach nó indíreach ar ghníomhartha agus/nó neamhghníomhartha de ghníomhaí is cúis le díobháil thromchúiseach, a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh an bhfuil cosaint choimhdeach de dhíth ar an iarratasóir?

____________

1     Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9).

1     ECHR 17 Iúil 2008, Uimh. 25904/07, N.A. v. an Ríocht Aontaithe, ECLI:CE:ECHR:2008:0717JUD002590407.