Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Ravenna (an Iodáil) a taisceadh an 5 Eanáir 2024 — P.M. v S. Snc

(Cás C-5/24, Pauni)1

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Ravenna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: P.M.

Cosantóir: S. Snc

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le Treoir 2000/78 ar reachtaíocht náisiúnta, trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an gceart fostaíocht a choinneáil i gcás breoiteachta ar feadh 180 lá íoctha, sa tréimhse ó 1 Eanáir go 31 Nollaig gach bliain, sa bhreis ar 120 lá breise de shaoire gan phá (nach féidir a úsáid ach aon uair amháin) arna iarraidh sin don oibrí, nach ndéantar foráil maidir le rialacha éagsúla idir oibrithe a cháilíonn mar dhaoine faoi mhíchumas agus oibrithe nach bhfuil?1

Dá mheasfaí maidir leis an reachtaíocht náisiúnta a thuairiscítear sa ráiteas ar chúiseanna go ndéantar idirdhealú indíreach i dtéarmaí teibí, an bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis an reachtaíocht féin de bharr aidhm dhlisteanach agus an bhfuil na modhanna chun í a bhaint amach iomchuí agus riachtanach?

An féidir le saoire gan phá a sholáthar, arna iarraidh sin don oibrí, tar éis 120 lá breoiteachta a bheith caite, atá in ann dífhostú a chosc go dtí go rachaidh sé in éag, a bheith oiriúnach agus leordhóthanach chun idirdhealú a sheachaint?

An féidir a mheas go bhfuil cóiríocht ina bhfuil dualgas an fhostóra tréimhse bhreise a dheonú, ag deireadh na tréimhse 180 lá de shaoire bhreoiteachta le pá, a d’íoc an fostóir ina hiomláine, gan comaoin i leith oibre a fháil, réasúnach?

5)D’fhonn measúnú a dhéanamh ar iompar idirdhealaitheach an fhostóra, an féidir a mheas (chun a chinneadh an bhfuil an dífhostú dleathach nó nach bhfuil) nach ligfeadh tréimhse bhreise chobhsaíochta i gcaidreamh íoctha an fhostóra don duine faoi mhíchumas filleadh ar an obair, ós rud é go bhfuil tinneas leanúnach air nó uirthi?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).