Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Casal sport v EUIPO – Tennis d’Aquitaine (CITY STADE)

(Cás T-220/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh CITY STADE –Trádmharc atá anois ina ghnáthainm trádála ar tháirge nó ar sheirbhís dá bhfuil sé cláraithe – Gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht dhílseánach – Airteagal 58(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001)

Teanga an cháis: an Fhraincís

Páirtithe

Iarratasóir: Sports et loisirs (Casal sport) (Altorf, an Fhrainc) (ionadaithe: C. Pecnard agus C. Alet, Dlíodóirí)

Cosantói : Oifig Maoine Intleachtúla an Aontas Eorpaigh (ionadaithe: C. Bovar agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de l’EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Tennis d’Aquitaine SAS (Ambares, an Fhrainc) (ionadaithe: A. Hinoux agus V. Le Coq de Kerland, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Feabhra 2023 (Cás R 179/2022-2) ar neamhní.

An chuid oibríochúil

Cuirtear an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 3 Feabhra 2023 (Cás R 179/2022-2) ar neamhní.

Ordaítear do EUIPO a costais féin a íoc.

Ordaítear do Tennis d’Aquitaine SAS a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Sports et loisirs (Casal sport) le linn na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc.

____________

1     IO C 223, 26.6.2023.