Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – Weinart Handelsgesellschaft v EUIPO – Donnafugata (KABI)

(Cás T-302/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh KABI – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh Kabir DONNAFUGATA – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Weinart Handelsgesellschaft mbH (Geisenheim, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Heinrich, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de l’EUIPO: Donnafugata Srl (Marsala, an Iodáil)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Márta 2023 (Cás R 2064/2022-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 252, 17.7.2023.