Language of document :

Caingean arna taisceadh an 8 Feabhra 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire

(Cás C-85/22)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: Gr. Koleva, C. Hermes)

Cosantóir: Poblacht na Bulgáire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

1. a dhearbhú gur sháraigh Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí faoi Airteagal 4(4) agus Airteagal 6(1) de Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus flora agus fauna fiáine a chaomhnú (“an Treoir um Ghnáthóga”) 1 a mhéid

nár ainmnigh sí, a thapúla agus ab fhéidir – agus laistigh de shé bliana ar a dhéanaí – mar limistéir faoi chaomhnú speisialta (“LCSanna”) 194 de na 229 limistéar ar an iomlán a glacadh i gCinntí 2009/93/CE, 2009/91/CE agus 2009/92/CE an 12 Nollaig 2008 agus i gCinneadh 2013/23/CE an 16 Samhain 2021 mar láithreáin tábhachta Comhphobail (“LTCanna”);

gur theip uirthi, go córasach agus go leanúnach, i leith a hoibleagáide cuspóirí caomhantais mionsonraithe agus sonracha a leagan síos do na limistéir sin;

gur theip uirthi, go córasach agus go leanúnach, i leith a hoibleagáide na bearta caomhantais is gá a fhreagraíonn do riachtanais éiceolaíochta na ngnáthóg a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II atá le fáil sna láithreáin sin a leagan síos, agus

gur theip uirthi Airteagal 6(1) a thrasuí i gceart ina dlí náisiúnta.

2. a ordú do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Baineann an cás seo leis an trasuíomh mícheart d’Airteagal 6(1) agus cur i bhfeidhm mícheart d’Airteagal 4(4) agus Airteagal 6(1) den Treoir um Ghnáthóga a rinne Poblacht na Bulgáire.

Ceanglaítear, inter alia, le hAirteagal 4(4) den Treoir um Ghnáthóga: A luaithe agus a ghlacfar le láithreán mar láithreán tábhachta Comhphobail de bhun an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann an láithreán sin a luaithe agus is féidir – agus laistigh de shé bliana ar a dhéanaí – mar LTC. Ina breithiúnas i gCás C-849/18, an Coimisiún v an Ghréig (EU:C:2020:147), mhínigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil ar na Ballstáit cuspóirí caomhantais sonracha le haghaidh gach LCS a leagan síos chomh maith. Faoi Airteagal 6(1) den Treoir um Ghnáthóga, bunóidh na Ballstáit, laistigh den chreat a bhaineann le LCSanna, na bearta caomhantais is gá, lena n-áirítear, más gá, pleananna bainistíochta cuí a dheartar go sonrach do na láithreáin nó a dheartar a chomhtháthú i bpleananna forbartha eile agus bearta reachtúla, riaracháin nó conarthacha cuí eile a fhreagraíonn do riachtanais éiceolaíochta na ngnáthóg a liostaítear in Iarscríbhinn I agus do na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II atá le fáil sna láithreáin sin.

Dar leis an gCoimisiún, níor chomhlíon Poblacht na Bulgáire na hoibleagáidí seo a leanas atá, de réir na bhforálacha thuasluaite, uirthi: LCSanna a ainmniú in am trátha; cuspóirí caomhantais mionsonraithe agus sonracha a leagan síos do na láithreáin; na bearta caomhantais is gá a bhunú; agus Airteagal 6(1) den Treoir um Ghnáthóga a thrasuí i gceart sa dlí náisiúnta.

____________

1 IO 1992 L 206, lch. 7.