Achomharc arna thabhairt an 6 Deireadh Fomhair 2023 ag Markus Schneider i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 26 Iúil 2023 i gCás T-109/22, Schneider v EUIPO - Frutaria Innovation (frutania)
(Cás C-614/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Markus Schneider (ionadaithe: M. Bergermann agus D. Graetsch, Rechtsanwalte)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Frutaria Innovation, SL, ar a dtugtaí Frutaria Comercial de Frutas y Hortalizas, SL, roimhe seo
Le hordú an 30 Eanáir 2024, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chineann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart go n-íocfaidh an t-achomharcóir as a chostais féin.
____________