Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Stuttgart (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Feabhra 2022 – TAP Portugal v Myflyright GmbH
(Cás C-157/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Stuttgart
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: TAP Portugal
Freagróir: Myflyright GmbH
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/20041 a léirmhíniú amhail gurb ann d’imthoisc urghnách de réir bhrí na forála sin i gcás ina gcuirtear eitilt atá ag imeacht ó aerfort lasmuigh de cheanncheathrú an aeriompróra oibríochta ar ceal toisc go bhfuair, tamall beag roimh an eitilt, comhalta den fhoireann don eitilt sin (an comhphíolóta sa chás seo), ar éirigh go hiomlán leis sna scrúduithe leighis a ordaítear go rialta, bás tobann nach bhféadfadh an t-aeriompróir a thuar nó toisc go bhfuair sé chomh breoite sin nach raibh sé in ann tabhairt faoin eitilt?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás go gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).