Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 22 Aibreán 2022 – Global NRG Kereskedelmi és Tanácsadó Zrt. v Magyar Energetikai és Közmű-szabályozási Hivatal

(Cás C-277/22)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Global NRG Kereskedelmi és Tanácsadó Zrt.

Cosantóir: Magyar Energetikai és Közmű-szabályozási Hivatal

Páirtí leasmhar atá ag idiragairt mar thaca leis an gcosantóir: FGSZ Földgázszállító Zrt.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 41(17) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 1 an 13 Iúil 2009, maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (“an Treoir”) a léiriú, i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, sa chaoi go bhfuil sé i gcontrárthacht le riail náisiúnta go ndéantar dá réir, i nósanna imeachta de chuid údaráis rialála an Bhallstáit sin a shocraíonn taraifí úsáide an chórais, taraifí do na seirbhísí a d’fhéadfadh oibreoirí córais a chur ar fáil ar bhonn taraifí speisialta agus taraifí nasctha, gurb é oibreoir an chórais amháin a aithnítear mar pháirtí a dhéantar difear go díreach dó, agus dá réir a bhfuil an ceart eisiach chun achomhairc i gcoinne cinneadh a glacadh sa nós imeachta aige?

I gcás go dtugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar an gcéad cheist: An gcaithfear Airteagal 41(17) den Treoir a léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, sa chaoi, le cur i bhfeidhm na forála luaite ar chás amhail a bhfuil sna príomhimeachtaí, go mbeadh gníomhaire de chuid an mhargaidh gháis nádúrtha sa chás céanna leis an iarratasóir, áit a ghearann an t-oibreoir córais, de bhua cinneadh ó údarás rialála an Bhallstáit lena socraítear taraifí úsáide an chórais, taraifí do na seirbhísí a d’fhéadfadh oibreoirí córais a chur ar fáil ar bhonn taraifí speisialta agus taraifí nasctha agus taraif ar sheirbhís ar féidir í a chur ar fáil ar bhonn taraif speisialta, aitheanta mar pháirtí a ndéantar difear go díreach dó leis an gcinneadh sin, agus dá réir, a bhfuil an ceart eisiach chun achomhairc i gcoinne an mhéid sin aige?

____________

1 Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).