Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 15 Feabhra 2024 – ‘Unigames’ UAB v Lošimų priežiūros tarnyba prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos
(Cás C-120/24, Unigames)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ‘Unigames’ UAB
Cosantóir: Lošimų priežiūros tarnyba prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An ionann foráil náisiúnta, amhail an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 10(19) den Lietuvos Respublikos azartinių lošimų įstatymas (Dlí Phoblacht na Liotuáine maidir le cearrbhachas), agus ‘rialachán teicniúil’ de réir bhrí Airteagal 1(1)(f) de Threoir (AE) 2015/1535 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise, a mhéid a bhaineann sé le faisnéis a bhaineann le cearrbhachas a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin an oibreora cearrbhachais?
An gcaithfear Treoir (AE) 2015/1535 a léiriú sa chaoi go gcuireann sé bail neamh-infhorfheidhmithe ar fhoráil de reachtaíocht náisiúnta, amhail Dlí Phoblacht na Liotuáine maidir le cearrbhachas, nach mór fógra a thabhairt faoina forálacha de bhun Airteagal 5(1) de Threoir (AE)2015/1535, i gcás ina meastar iad a bheith ina “rialacháin teicniúla” de réir bhrí Airteagal 1(1)(f) den Treoir sin, i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha in imeachtaí chun dliteanas a bhunú i leith cionta riaracháin i gcás nach dtugtar fógra faoi na leasuithe a rinneadh ar an bhforáil, a mheastar a bheith ina rialachán teicniúil, ach gur tugadh fógra faoin téacs dlí arna ghlacadh roimhe sin?
____________
1 Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 2015 L 241, lch. 1).