Caingean arna tabhairt an 14 Feabhra 2024 – Benschop v EUIPO – Seven Bell Group (ALWAYS RUN 4PRESIDENT)
(Cás T-76/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sven Benschop (Montfoort, an Ísiltír) (ionadaí: F. Boom, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Seven Bell Group (Campi Bisenzio, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh ALWAYS RUN 4PRESIDENT – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 228 179
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Nollaig 2023 i gCás R 1341/2023-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
an freasúra a dhíbhe ina iomláine;
a ordú do EUIPO agus do Seven Bell Group costais na n-imeachtaí seo a íoc i gcomhpháirt agus go leithleach.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________