Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 26 Nollaig 2023 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Triú Dlísheomra) a tugadh an 18 Deireadh Fómhair 2023 i gCás T-402/20, Zippo Manufacturing agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-811/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G.-D. Balan agus M. Mataija, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Zippo Manufacturing Co., Zippo GmbH agus Zippo SAS

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

a ordú do na hiarratasóirí ag an gcéad chéim costais an achomhairc agus na costais a bhaineann leis an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí:

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta léiriú mícheart ar Airteagal 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus ar an gceart éisteachta mar chuid den cheart chun dea-riaracháin. Go deimhin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí gur sáraíodh an ceart éisteachta na n-iarratasóirí ag an gcéad chéim toisc go ndearna an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar cheanglas Airteagal 41(2)(a) den Chairt nach mór beart a bheith ina ‘beart aonair, toisc nach gclúdaíonn an ceart éisteachta do bhearta a bhfuil feidhm ghinearálta leo. Ar deireadh, fiú dá mbeadh ceart éisteachta ag na hiarratasóirí ag an gcéad chéim le linn an phróisis le haghaidh an Rialacháin atá faoi chonspóid 1 á ghlacadh, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí nach raibh an ceart sin ar fáil dóibh tríd an chomhairliúchán poiblí.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur chinn an Chúirt ultra petita toisc gur chuir sí an Rialachán atá faoi chonspóid ar neamhní ‘sa mhéid go mbaineann sé le táirgí a thagann faoi chód CN 9613 80 00’, cé gur lorg an t-iarratas go gcuirfí an rialachán amháin ar neamhní ‘sa mhéid go mbaineann na bearta sin leis na hiarratasóirí’.

____________

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/502 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2020 maidir le bearta áirithe beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (PB 2020, L 109, lch. 10).