Language of document : ECLI:EU:F:2008:13

Caingean arna tabhairt an 15 Márta 2024 – an Coimisiún Eorpach v Éire

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases"  C-205/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: N. Ruiz Garcia agus B. Cullen, Gníomhairí)

Cosantóir: Éire

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Dearbhú a thabhairt gur mhainnigh Éire a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 30(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú 1 gan foráil a dhéanamh maidir leis na pionóis is infheidhme i ndáil le sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh 1143/2014 agus gan na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún faoin 2 Eanáir 2016; agus

a ordú d’Éire na costais go léir sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tháinig Rialachán 1143/2014 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015. i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán sin, ceanglaíodh ar Éire na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i ndáil le sáruithe ar an Rialachán sin a leagadh síos (30(1)) agus chun na rialacha sin a chur in iúl don Choimisiún faoin 2 Eanáir 2016 (30(4)).

Ós rud é nach raibh aon bheart maidir le cur chun feidhme Airteagal 30(1) agus (4) den Rialachán sin curtha in iúl ag Éire don Choimisiún, d’iarr an Coimisiún ar údaráis na hÉireann go gcuirfí a sheirbhísí ar an eolas faoi chomhlíonadh na ndualgas sin. Léiríodh go soiléir i bhfreagraí na hÉireann arna ndátú an 20 Aibreán 2017, 22 Nollaig 2017 agus 21 Meán Fómhair 2018 go raibh an próiseas leis na dualgais a eascraíonn ón Rialachán sin a chur chun feidhme neamhiomlán.

Dá bhrí sin, ar 25 Eanáir 2019, d’eisigh an Coimisiún litir fógra d’Éire, chun a tuairimí a iarraidh laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis an litir fógra sin a fháil. Léiríodh go soiléir i bhfreagra na hÉireann nach raibh a hoibleagáidí faoi Airteagail 30(1) agus 30(4) comhlíonta aici.

Bunaithe ar an bhfreagra ó Éire agus i bhfianaise na heaspa dul chun cinn ina dhiaidh sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh Airteagal 30(1) agus (4) den Rialachán sin comhlíonta ag Éire go fóill. Dá bhrí sin, ar 28 Samhain 2019, d’eisigh sé tuairim réasúnaithe faoi Airteagal 258(1) CFAE, lenar tugadh cuireadh d’Éire na bearta riachtanacha a ghlacadh laistigh de thréimhse dhá mhí ón litir sin a fháil. Is léir ó fhreagra na hÉireann, ós rud é gurb amhlaidh ag deireadh na tréimhse a leagadh síos sa tuairim réasúnaithe, gur mhainnigh Éire, (agus go bhfuil sí fós ag mainneachtain) a hoibleagáidí faoi Airteagal 30(1) agus (4) den Rialachán sin a chomhlíonadh.

____________

1 IO 2014, L 317, lch. 35.