Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht Salzburg (an Ostair) an 8 Márta 2022 – JA v Wurth Automotive GmbH

(Cás C-177/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesgericht Salzburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: JA

Cosantóir: Wurth Automotive GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

An mbraitheann an measúnú maidir le stádas an iarratasóra mar thomhaltóir de réir bhrí Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/20121 ar

a)    cé acu an raibh an t-iarratasóir ag gabháil le gairm mar dhearthóir grafaicí agus gréasáin, mar a chur sí in iúl le linn na n-imeachtaí, mar fhostaí le tuarastal amháin nó ar a laghad go páirteach i gcomhthéacs gníomhaíocht fhéinfhostaithe nuair a cuireadh an conradh díolacháin i gcrích agus díreach ina dhiaidh sin nó nach raibh, agus

b)    cad chuige ar cheannaigh an t-iarratasóir an fheithicil, eadhon le haghaidh a riachtanais phríobháideacha féin nó le baint freisin le gníomhaíocht nó cuspóir gairmeach nó tráchtála, faoi láthair nó amach anseo?

An gcailleann an t-iarratasóir an deis chun a stádas mar thomhaltóir a agairt dá mba rud é gur athdhíol sí an fheithicil i mí Lúnasa 2019 agus an bhfuil tábhacht ag baint leis go rinneadh brabús ag an bpointe sin?

An gcaithfear diúltú do stádas an iarratasóra mar thomhaltóir ar an bhfíoras amháin gur shínigh sí an conradh díolacháin a d’ullmhaigh an cosantóir roimh ré gan agóid a dhéanamh ina choinne, conradh inar ainmníodh an ceannaitheoir mar “chuideachta” ar an bhfoirm agus inar luadh, faoin teideal “Comhaontuithe sonracha”, i gcarachtair níos lú, “Idirbheart idir gairmithe/Gan cur ar ais, gan ráthaíocht/Seachadadh tar éis fáil na híocaíochta amháin”, agus gan aon stádas mar thomhaltóir a chur in iúl.

An gcaithfear iompar a páirtí, a rinne idirghabháil mar cheannaí gluaisteáin le haghaidh cur i gcrích an díolacháin, a chur i leith an t-iarratasóir, toisc go bhféadfadh an cosantóir a thuiscint ón méid sin go raibh stádas trádálaí ag an iarratasóir?

Agus an measúnú á dhéanamh maidir lena stádas mar thomhaltóir, an dtéann sé i gcoinne cás an iarratasóra nach raibh cúirt na chéad céime in ann a chinneadh cén fáth nár chloígh an conradh díolacháin leis an réamhthairiscint a chur páirtí an iarratasóra in iúl maidir le hainmniú an ceannaitheora agus an méid a dúradh le linn na teagmhálacha teileafóin idir páirtí an iarratasóra agus díoltóir den chosantóir?

6)    An bhfuil tábhacht ag baint leis, i leith stádas an iarratasóra mar thomhaltóir, gur iarr a páirtí ar an gcosantóir ar an teileafón, roinnt seachtainí tar éis an fheithicil a fháil, an mbeadh sé indéanta an CBL a thaispeáint?

____________

1     Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).