Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 24 Eanáir 2024 - Verein für Konsumenteninformation v Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV

(Cás C-45/24, Verein für Konsumenteninformation)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Verein für Konsumenteninformation

Cosantóir: Koninklijke Luchtvaart Maatschappij NV

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 1 , agus go háirithe Airteagal 8(1)(a) de, le léiriú sa chaoi go bhfuil san áireamh le praghas an ticéid le húsáid chun méid na haisíocaíochta atá dlite do phaisinéir ón aeriompróir i gcás eitilt a chur ar ceal an difríocht idir an méid a d’íoc an paisinéir agus an méid a fhaigheann an t-aeriompróir, is é sin méid an choimisiúin de chuid cuideachta atá ag gníomhú mar idirghabhálaí eatarthu, más eol don aeriompróir go ngearrann an chuideachta eile coimisiún go rialta (táille gníomhaireachta) le haghaidh idirghabhála, ach níl a fhios aige cé mhéid sa chás sonrach?

2.    An luíonn dualgas cruthúnais faoin eolais is gá a bheith ag an aeriompróir ar an bpaisinéir a éilíonn aisíocaíocht nó an gcaithfidh an t-aeriompróir a chruthú nach raibh an t-eolas riachtanach aige maidir leis an gcoimisiún?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).