Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof a taisceadh an 7 Samhain 2023 – IP v Quirin Privatbank AG

(Cás C-655/23, Quirin Privatbank)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IP

Cosantóir: Quirin Privatbank AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

a)    An bhfuil Airteagal 17 de RGCS 1 le léiriú sa chaoi go bhfuil ceart ag ábhar sonraí a rinne an rialaitheoir sonraí a nochtadh go neamhdhleathach trí na sonraí sin a aistriú ar aghaidh mura n-iarrann an t-ábhar sonraí ar an rialaitheoir na sonraí sin a scriosadh?

    b)    An féidir ceart chun urghaire coiscthí teacht chun cinn (freisin) ó Airteagal 18 de RGCS nó ó fhoráil eile de?

    Más freagraí dearfacha a thabharfar ar Cheisteanna 1(a) agus/nó 1(b):

(a)    An bhfuil ceart chun urghaire coiscthí faoi dhlí an Aontais ann i gcás riosca go ndéanfar tuilleadh sáruithe ar chearta an ábhair sonraí faoi RGCS sa todhchaí le cur san áireamh (riosca atarluithe)?

(b)    An nglactar leis go bhfuil riosca ann, i gcás inarb iomchuí, de bharr an tsáraithe atá ann ar RGCS?

3.    Más freagraí diúltacha a thabharfar ar Cheisteanna 1(a) agus 1(b):

An bhfuil Airteagal 84 de RGCS, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 79 de, le léiriú sa chaoi go gceadaítear don chúirt náisiúnta a bhronnadh ar ábhar sonraí ar nocht an rialaitheoir trí aistriú ar aghaidh a sonraí pearsanta, de bhreis ar an gceart chun cúitimh as damáiste ábhartha nó neamhábhartha de bhun Airteagal 82 RGCS agus na cearta a eascraíonn ó Airteagail 17 agus 18 de RGCS, an ceart chun urghaire choisctheach a fháil i gcoinne an rialaitheora lena gcuirtear cosc ar aistriú ar aghaidh na sonraí sin i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta?

4.    An bhfuil Airteagal 82(1) de RGCS le léiriú sa chaoi gur leor mothúcháin dhiúltacha ar nós cantail, olc, míshástacht, faitíos agus eagla, ar cuid de riosca ginearálta an tsaoil agus ar mhinic dóibh a bheith mar chuid den saol laethúil, don toimhde damáiste neamhábhartha de réir bhrí na forála sin? Nó an bhfuil gá le míbhuntáiste don duine nádúrtha a théann níos faide ná na mothúcháin sin chun go mbeidh toimhde damáiste ann?

5.    An bhfuil Airteagal 82(1) de RGCS le léiriú sa chaoi gur critéar ábhartha é méid lochta an rialaitheora nó an phróiseálaí nó a fhostaithe chun méid an damáiste néamhábhartha atá le cúiteamh a ríomh?

6.    Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheisteanna 1(a), 1(b) nó 3:

An bhfuil Airteagal 82(1) de RGCS le léiriú sa chaoi, agus méid an damáiste neamhábhartha atá le cúiteamh á mheas, gur féidir an fíoras go bhfuil ceart ag an ábhar sonraí chun urghaire coiscthí chomh maith le ceart chun cúitimh a chur san áireamh chun an t-éileamh a laghdú?

____________

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), agus lena leasaítear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).