Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Korkein oikeus (an Fhionlainn) arna taisceadh an 15 Márta 2022 – Kopiosto r.y. v Telia Finland Oyj

(Cás C-201/22)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharchóir: Kopiosto r.y.

Freagróir: Telia Finland Oyj

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir le heagraíochtaí ceadúnúcháin chonarthaigh a chomhbhainistíonn cearta maoine intleachtúla, an é atá i gceist leis an seasamh dlíthiúil chun na cearta sin a chosaint, a thuigtear ón inniúlacht imeachtaí a thionscnamh bunaithe ar Airteagal 4(c) de Threoir 2004/48 1 , ná an inniúlacht ghinearálta a bheith mar pháirtí in imeachtaí dlí amháin nó an bhfuil gá le ceart sainráite sa reachtaíocht náisiúnta chun imeachtaí a thionscnamh in ainm an pháirtí féin chun na cearta sin a chosaint?

Agus Airteagal 4(c) de Threoir 2004/48 á léirmhíniú, an gcaithfear an téarma “leas díreach i gcosaint chóipcheart na sealbhóirí cirt dá ndéanann sé ionadaíocht” a léirmhíniú go haonfhoirmeach i ngach Ballstát i leith an chirt atá ag eagraíochtaí comhbhainistíochta de réir bhrí Airteagal 3(a) de Threoir 2014/26AE 1 chun caingean a thionscnamh in ainm an pháirtí féin maidir le sárú ar chóipcheart i gcás:

(i)    a bhaineann le húsáid saothar a bhfuil an eagraíocht, mar eagraíocht cheadúnúcháin chonarthaigh de réir bhrí an Tekijänoikeuslaki (Dlí um Chóipcheart), i dteideal comhcheadúnais shínithe a dheonú ina leith agus lena ligtear do cheadúnaí saothair d’údair san earnáil sin a úsáid cé nár údaraíodh don eagraíocht a gcearta a bhainistiú;

(ii)    a bhaineann le húsáid saothar a bhfuil údarú tugtha ina leith ag na húdair don eagraíocht a gcearta a bhainistiú trí chonradh nó údarúchán, gan na cóipchearta a bheith sannta don eagraíocht?

Má dhéantar toimhde go bhfuil ag an eagraíocht, mar eagraíocht cheadúnúcháin chonarthaigh, leas díreach agus an seasamh dlíthiúil chun imeachtaí a thionscnamh ina hainm féin: Agus an seasamh dlíthiúil chun imeachtaí a thionscnamh á mheas i bhfianaise, nuair is iomchuí, Airteagail 17 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cad is brí leis go ndéanann an eagraíocht, mar eagraíocht cheadúnúcháin chonarthaigh, ionadaíocht ar údair, ar údair iad nár thug údarú di a gcearta a bhainistiú, agus nach bhforáiltear sa dlí do cheart na heagraíochta imeachtaí a thionscnamh chun cearta údar den sórt sin a chosaint?

____________

1 Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO 2004 L 157, lch. 45).

1 Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheolmhara d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO 2014 L 84, lch. 72).