Language of document :

Caingean arna tabhairt an 20 Lúnasa 2023 – Cellphenomics v EUIPO (CellCompDx)

(Cás T-512/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Cellphenomics GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Adori, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “CellCompDx” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 687 445

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Bealtaine 2023 i gCás R 2571/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO a chinneadh a leasú agus cinneadh a thabhairt as an nua ar an iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 687 445 a chlárú, agus seasamh na Cúirte Ginearálta á chur san áireamh;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________