Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2023 – XH v an Coimisiún

(Cás T-613/21) 1

(Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Cinneadh lena dtionscnaítear imeachtaí neamhbhailíochta – Éilimh le haghaidh neamhniú – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Ciapadh síceolaíoch – Fiosrúchán riaracháin – Airteagal 12a den Rialacháin – Iarratas ar chúnamh – Diúltú an iarratais – Airteagal 24 den Rialacháin – Prionsabal na comhfhreagrachta – Prionsabal an dea-riaracháin – Ceart chun éisteacht a fháil – Rialacha na fianaise – Fianaise prima facie – An ceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú – An ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint – Dliteanas – Damáiste neamhábhartha)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: XH (ionadaí: P. Nowak, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Lilamand agus L. Vernier, Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar thaobh amháin go gcuirfí, ar an gcéad dul síos, cinneadh D/374/20 ón gCoimisiún Eorpach an 4 Nollaig 2020, inar diúltaíodh don iarratas ar chúnamh, agus ar an dara dul síos an cinneadh Ares (2021) 3466486 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2021 maidir leis an tarchur chuig an Choiste Easláine, ar neamhní, agus ar an taobh eile, go gcúiteofar an damáiste a mhaíonn sí a bheith fulaingthe aici.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do XH na costais a íoc.

____________

1 IO C 37, 24.1.2022.