Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – TUI Holding v EUIPO – inCruises International (INCRUISES)
(Cás T-780/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “INCRUISES” – Trádmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh “INTERCRUISES SHORESIDE & PORT SERVICES” – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe – Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: : TUI Holding Spain, SLU (Palma de Mallorca, an Spáinn) (ionadaí: H. Fangmann, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: inCruises International LLC (San Juan, Puerto Rico)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE iarrann an t-iarratasóir Cinneadh an Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1081/2021-2) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Cuirtear Cinneadh an Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2022 (Cás R 1081/2021-2) a chur ar neamhní ;
2) Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.
____________
1 IO C 45, 6.2.2023.