Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – European Gaming and Betting Association v An Coimisiún

(Cás T-167/21) 1

(Státchabhair – Beart Stáit lena gcuirtear síneadh le ceadúnais chearrbhachais arna ndeonú ag an Ísiltír – Cinneadh lena ndearbhaítear nár tugadh aon Státchabhair – Mainneachtain nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh – Mórdheacracht – Cearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: European Gaming and Betting Association (Etterbeek, an Bheilg) (ionadaithe: T. De Meese, K. Bourgeois agus M. Van Nieuwenborgh, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky agus J. Carpi Badía, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman, J. Langer agus C. Schillemans, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cinneadh C(2020) 8965 final ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 maidir le cás SA.44830 (2016/FC) an Ísiltír Síneadh á chur le ceadúnais chearrbhachais san Ísiltír, dá ndéantar tagairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 15 Eanáir 2021 (IO 2021, C 17, lch. 1), a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear cinneadh C(2020) 8965 final ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 maidir le cás SA.44830 (2016/FC) – an Ísiltír – Síneadh á chur le ceadúnais chearrbhachais san Ísiltír ar neamhní;

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc, anuas ar na costais arna dtabhú ag European Gaming and Betting Association.

Ordaítear do Ríocht na hÍsiltíre a costais féin a íoc.

____________

1 IO C 206, 31.5.2021.